Nuacht an Tuaiscirt mar a léigh Caoimhe Ní Chonchoille

Gardaí Tarrthála

Chuaigh gardaí tarrthála i mbun dualgais ag an deireadh seachtaine ar na tránna uilig sa chontae ar éirigh leo stádas an Bhrait Ghoirm a bhaint amach.

Dúirt Stiúrthóir Comhshaoil na Comhairle Condae Micheál Mac Gairbheith go mbeidh na gardaí tarrthála ar dualgas go dtí an 15ú de Mhean Fómhair.

Tá níos mo nó 1,000 ciliméadar de chósta i nDún na nGall, a dúirt sé, agus tarraingt mhór ar na tránna i rith an tSamhraidh.

Maidir le seirbhísí leithris sa chontae, dúirt sé go mbeidh leithris ar fáil ar 4 thrá is 20 agus súil acu sin a mhéadú amach anseo .

Dúirt Micheál Mac Gairbheith go bhfuil an comh-oibriú idir an Chomhairle agus grúpa áitiúla fíor thábhachtach.

Oileán Thoraí

Tá foireann deartha ceaptha ag Comhairle Condae Dhún na nGall le obair dheisiucháin a dhéanamh ar Chlub Sóisialta Oileán Thoraí.

Tá sé beartaithe píosa breise agus ath-chóiríú iomlán a dhéanamh ar an ionad.

Tá na cáipéisí tairisceana á n-ullmhú faoi láthair agus tá sé beartaithe tairiscintí a lorg ó chonraitheoirí le tabhairt faoin obair ar an mhí seo chugainn.

Tá €263,000 euro ceadaithe don togra faoi Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile.

Táthar ag súil toiseacht ar an obair i Méan Fómhair.

Tithíocht

Tá 1,300 duine ar liosta tithíochta na Comhairle Contae i gCeantar Bardais Leitir Ceanainn Bhaile na nGallóglach agus dúirt an Comhairleoir Declan Meehan, go bhfuil imní ar 700 acu seo go mbeidh siad fágtha gan dídean go luath.

Dúirt an Comhairleoir Meehan go bhfuil eagla ar dhaoine a fhaigheann íocaíocht cúnaimh tithíochta agus iad ag fanacht ar thithe sóisialta go gcuirfear deireadh lena gconradh cíosa mar gheall ar chúiseanna áirithe a bhaineann leis na tiarnaí talún.

Dúirt sé má tharlaíonn seo go mbeidh daoine gan dídean mar nach bhfuil go leor tithe sóisialta á dtógáil ag an Chomhairle Contae.

Brící Lochtacha

Ba chóir do Chónaidhm Thionscal na Foirgníochta nó an CIF, plean a chur le chéile don Chomhairle Contae le córas a chur i bhfeidhm le go dtig na tithe a bhfuil brící lochtacha iontu a atógáil ar bhonn práinne, a dúirt an Comhairleoir Denis Mac Aoidh.

Dúirt sé go bhfuil géarchéim ar na bacáin mar nach bhfuil go leor foirne ar fáil le 30,000 teach a bhfuil brící lochtacha iontu a leagann agus a atógáil faoin scéim chúitimh ar fud na tíre.

Mhol an Comhairleoir Mac Aoidh ag cruinniú pleanála na Comhairle le gairid gur chóir do na saineolaithe tógála sa Chónaidhm plean a chur le chéile do Chomhairle Contae Dhún na nGall le go dtig tithe a athógail go gasta i nDún na nGall do dhaoine atá buailte ag géarchéim na mbrící lochtacha..