Blúiríní nuachta ó phobail na Gaeltachta sa Deisceart curtha ar fáil ag Raidió na Gaeltachta.

Conn Ó Muíneacháin a scríobh

Easpa tacaíochta do cheantair Gaeltachta ón Rialtas

'Cé go bhfuil obair mhaith á déanamh ag grúpaí áitiúla, tá ag teipeadh ar an rialtas an tacaíocht chuí a thabhairt dos na ceantair Ghaeltachta', a deir an Teachta Dála Conor D McGuinness.

Ag labhairt do ar Adhmhaidin inniu, dúirt sé go rabhthas ag súil le scéala ag cruinniú Bhord an Údaráis Dé hAoine, fén scéim tithíochta sóisialta sa Rinn, ach go dtuigtear dó go bhfuil moill curtha ag Roinn na Gaeltachta ar an bhfógra.

Dúirt sé leis go bhfuil árdú pá tuillte ag mná tí na gcursaí Samhraidh agus costaisí maireachtála ag dul in airde.

Iarratas Pleanála

Tá iarratas ar chead pleanála déanta ag Scoil Naomh Eoin Baiste i Lios Póil clós súgartha pobail a fhorbairt ar shuíomh na scoile.

Tá iarratas pleanála déanta ag Bord Bainistíochta na scoile le Comhairle Contae Chiarraí clós a fhorbairt, le fál mórthimpeall air, an geata ar thaobh an bhóthair phoiblí a athrú chun slí isteach do chathaoireacha rothair a fhorbairt, agus na hoibreacha ar fad a gheibheann leis an bhforbairt.

Deir Nuala Uí Ghearailt, príomhoide na scoile, gur don bpobal, chomh maith leis an scoil, a bheadh an clós súgartha nua seo agus súil acu, má fhaigheann siad cead na Comhairle, é bheith forbartha sara mbeidh Comórtas Peile na Gaeltachta ar bun i Lios Póil i 2027.

Scéim tuilte Bhaile Bhuirne

Deir an tAire Stáit don gCaiteachas Poiblí, Kevin Moran, go mbuailfidh sé leis na údaráis áitiúla cuí chun scéim bainistithe tuilte Bhaile Bhuirne agus Bhaile Mhic Íre a chur chun cinn.

I bhfreagra ar cheist ón dTeachta Dala Aindrias Ó Muíneacháin, dúirt an tAire Stáit go n-oibreodh sé go dlúth leis an roinn chun an togra a chríochnú amach. Tá obair eatramhach críochnaithe sna bailte fé láthair a tugadh le fios sa Dáil, rud a deir an Teachta Dála Ó Muíneacháin a chuireann ana-áthas ar mhuintir na háite, ach gur mhaith leothu san, agus é fhéin, an togra a bheith críochnaithe, ar mhaithe le meabharshláinte muintir an cheantair.

Bhí am-líne ar leith á lorg ag an dTeacht Dála Ó Muíneacháin ar an Aire Stáit ach ní raibh sé ábalta é a fhreagairt. Dúirt an tAire Stáit áfach go labharfadh sé leis na húdaráis chuí, agus go n-oibreodh sé lena roinn lena chinntiú go gcuirfí chun cinn an togra i mBaile Bhuirne agus Baile Mhic Íre chun é a chríochnú chomh tapaidh ar féidir é.

Bealach Glas

Tá an sean-iarnród idir Caisleán Ghriaire agus An Com á mheas ag Comhairle Contae Chiarraí fé láthair, féachaint an bhféadfaí Bealach Glas a fhorbairt air.

Tugadh an méid sin le fios don gComhairleoir Roibeard Ó Brosnacháin, ag an gcruinniú is déanaí de Cheantar Bardasach Chorca Dhuibhne is Oilean Ciarraí, agus é den dtuairim go bhfuil an maoiniú ar fad do bhealaí glasa á sheoladh go Ciarraí Thuaidh agus Ciarraí Theas.

Bheadh ana-bhealach glas idir an Caisleán agus an Com, dar leis, agus deir an Chomhairle go bhfuil san luaite i dtuarascáil measúnachta straitéisí atá curtha fé bhráid Bhonneagar Iompair Éireann acu, ach níl aon sprioc ama luaite leis.

Beidh bóthar an L6119, i mBaile na nGall sa Rinn dúnta ar feadh 7 seachtaine ón lá inniu amach.

Beidh an bóthar á dhúnadh mar go bhfuil Uisce Éireann ag cuir píoblíne i bhfearas fén mbóthar. Beidh an bóthar dúnta inniu, go dtí an Aoine, an tochtú lá déag de mhí Iúil.

Beidh malairt slí i bhfeidhm ar bhóthar an R674, idir an Rinn agus Cill Longfoirt.