Gerry Adams

Tá an giúiré sa chás cúirte atá tugtha ag Iar-Cheannaire Shinn Féin, Gerry Adams, in éadan an BBC le dhul i mbun machnaimh inniu.

Maíonn Gerry Adams go ndearnadh clúmhilleadh air i gclár teilifíse Spotlight agus in alt ar líne i 2016 nuair a líomhnaíodh gur cheadaigh sé dúnmharú Denis Donaldson i gClochar Corr taobh amuigh de na Gleanntaí i 2006, míonna i ndiaidh dó a admháil gur chaith sé fiche bliain ag obair mar bhrathadóir de chuid na Breataine.

Séanann Gerry Adams go raibh baint ar bith aige le dúnmharú Denis Donaldson.

Ceithre seachtainí a mhair an cás cúirte.

Comhairliúchán Poiblí

Tá síneadh curtha ag an Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann leis an spriocdháta don chomhairliúchán poiblí faoi chaighdeán I.S. 465, an scrúdú a dhéantar le ábhar lochtach a aimsiú i bhfoirgnimh.

B'inné an chéad spriocdháta ach tá síneadh go dtí an 11 Iúil curtha leis.

Thug an tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann le fios gur cuireadh an spriocdháta siar ar iarratais ó chomhlacht dlí atá ag déanamh ionadaíochta ar úinéirí tí i nDún na nGall agus ón Roinn Tithíochta.

Tá míshástacht léirithe ag an Chomhairleoir Contae Joy Beard ón pháirtí Cúiteamh 100% faoin chinneadh agus dúirt sí go gcuirfidh seo tuilleadh moille ar theaghlaigh atá ag streachailt i dtithe a bhfuil brící lochtacha iontu.

Cóid QR

Tá comharthaí le Cóid QR feistithe anois ar chosáin siúil agus rothaíochta idir an Clochán Liath agus na Gleanntaí.

Tá eolas le fáil ó na cóid QR ar scéalta agus eolas áitiúil atá bainteach leis an dá bhaile.

Tá 9 gcinn de chomharthaí curtha ar airde agus i measc an eolais atá ar fáil, tá scéalta ar Dhroichead Ghaoth Beara, Scéal Beatha Brian Friel, Féile an Fhómhair agus Máire an Chlocháin Léith.

Tá na Cóid QR ceangailte le físeáin Youtube.

Ceathrú na hArd Eaglaise

Beidh cruinniú ar siúl i Leitir Ceanainn anocht le heolas a thabhairt don phobal ar na forbairtí atá á ndéanamh le Ceathrú na hArd Eaglaise ar an bhaile a chur chun cinn mar phríomhcheantar stairiúil agus cultúir Leitir Ceanainn.

Dhéanfaidh an coiste cur síos ar na hiarrachtaí atá ar bun acu le seanfhoirgnimh a athchóiriú, imeachtaí pobail faoi chúrsaí staire agus cultúir a eagrú agus le pleananna a ullmhú le cúrsaí oidhreachta agus eacnamaíochta an cheantair a fhorbairt amach anseo.

Beidh an cruinniú ar siúl in Óstán Dillons i Leitir Ceanainn ag a hocht a chlog anocht.