Cléire

Cé go bhfuil an méid leanaí atá ag freastal ar Scoil Náisiúnta Inis Cléire ag titim, tá léas dóchais do thodhchaí an oileáin sa líon daoine fé bhun leathchéad atá ag filleadh, nó ag bogadh dtí Cléire, dar le hOifigeach Pleanála Teangan an oileáin, Ruairí Ó Donnabháin.

Tá feachtas bunaithe ag Comharchumann Chléire chun daoine a mhealladh chun buanchónaithe ar an t-aon oileán Gaeltachta i gCúige Mumhan.

Coláiste na Mumhan

Tá cruinniú poiblí gairmthe ag Coiste Pobail Bhéal Átha an Ghaorthaidh le hiarraidh ar an bpobal, údarás a thabhairt don gcoiste chun dul i mbun gnímh, agus cinniúint Choláiste na Mumhan a shlánú.

I ríomhphost a seoladh aréir go dtí baill an phobail, luaitear go bhfuil fearg agus díomá ar mhuintir na háite ó d'fhógair Comhaltas Choláiste na Mumhan le déanaí go raibh teipthe orthu don tarna bliain as a chéile, cúrsa samhraidh Gaelainne a reáchtáil sa choláiste.

Cuirtear i leith Chomhaltas an Choláiste go bhfuilid neamhinniúil agus ná raibh intinn mhaith acu agus iad i mbun cainteanna leis an gCoiste Pobail.

Tá cuireadh tugtha do phobal Bhéal Átha an Ghaorthaidh freastal ar chruinniú amuigh fén aer os comhair an Choláiste, Dé Céadaoin seo chugainn, an 4 Meitheamh ar a 8 a chlog.

I gcás drochaimsire, beidh an cruinniú in Áras an Chumainn Lúthchleas Gael.

Tuilte

Tá sé i gceist ag Oifig na nOibreacha Poiblí scéim fóirithinte tuilte a fhorbairt do Bhéal Átha an Ghaorthaidh, ach ní inniu ná amárach a thógfar é, de réir eolais atá tugtha ag an Aire a bhfuil cúraimí Oifig na nOibreacha Poiblí air, Kevin Boxer Moran, don dTeachta Aindrias Ó Muimhneacháin.

Bhí an Muimhneachánach ag lorg eolais sa Dáil le déanaí, fés na scéimeanna fóirithinte tuillte atá á dtógaint, nó atá beartaithe, i gCo. Chorcaí fé láthair.

Cé go bhfuil Béal Átha an Ghaorthaidh luaite sa bhfreagra mar áit ina bhfuil an OPW meáite ar scéim dá leithéid a bhunú, níl dáta tosnaithe, gan trácht ar dháta críochnaithe, luaite.

Tá 46 thigh i mBéal Átha an Ghaorthaidh le cosaint ó thuilte de réir an eolais seo.

Pleanáil

Ag cruinniú míosúil Chomhairle Contae Chiarraí an tseachtain seo, deineadh plé leathan ar dhaoine a bhíonn ag cur i gcoinne iarrataisí pleanála, gan baint ná páirt bheith acu leis an bhforbairt ná leis an gceantar ina bhfuil sé.

Bhí rún ag an gComhairleoir Sam Locke ó Thrá Lí, ag moladh go mbeadh táille €2,000 le haon aighneacht a dheineann duine mar pháirt den gcóras pleanála, mura bhfuilid ag maireachtaint i ngiorracht ciliméadair den bhforbairt.

Thacaigh an Clr Jackie Healy-Rae leis seo, ag rá go raibh moill á cur ar fhorbairtí tithíochta ar fud an chontae ag daoine a bhíonn de shíor ag cur i gcoinne forbairtí.

Dúirt an Comhairleoir Norma Moriarty nár aontaigh sí le táille ard, mar go mbeadh san mídhaonlathach, agus mhol sí go mbeadh cosc ar éinne aighneacht pleanála a dhéanamh, mura bhfuil an t-iarratas ag cur isteach orthu go díreach.

Aontaíodh an cheist a chur fé bhráid Choiste Polasaí na Comhairle.

Logainmneacha

Tá Seó Bóthair Logainmneacha á dh’eagrú ag Coiste Logainmneacha Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, le tacaíocht ó Éire Ildánach Phort Láirge, dar teideal 'Cad As Duit? Logainmneacha na nDéise’.

Idir a 2:00 agus a 4:00 a chlog, ar an 7 Meitheamh, beidh deis ann do mhuintir na Déise bualadh isteach go dtí Ionad Cuairteoirí Chósta an Chopair chun na logainmneacha atá bailithe go dtí seo a dh’fheiscint, agus ainmneacha na n-áiteanna áitiúla atá ar eolas acu a roinnt.

Beidh blaiseadh d'oidhreacht logainmneacha Phort Láirge ar fáil trí mheascán de chainteanna gearra, scéalta agus léarscáileanna.