Cúram ailse

Tá feabhas tagtha ar an tréimhse ama a fhaigheann othair a bhfuil ailse orthu cúram leighis in Otharlann Leitir Ceanainn a tugadh le fios don Chomhairleoir Contae Declan Meehan, ball d'fhóram Sláinte an Iarthair ag cruinniú den Fhóram inné.

Thug Bainisteoir Otharlann Leitir Ceanainn Seán Murphy le fios nár chuir ach 31% d'othair a bhfuil ailse orthu tús lena gcóir leighis taobh istigh de thrí seachtainí, an t-am atá leagtha síos, ag tús na bliana ach go bhfuil sin ardaithe anois go 79%.

Mhol an Comhairleor Meehan na hathruithe a cuireadh i bhfeidhm agus an dul chun cinn atá déanta ó thús na bliana.

Dúirt Seán Murphy go bhfuil ardú tagtha ar an éileamh atá ar sheirbhísí ailse ach go leanfar leis na feabhsúcháin.

Tithe

Tá cead tugtha ag Comhairle Contae Dhún na nGall 19 teach a thógail ar shuíomh shéan Óstán Radharc an Earagail i nDoirí Beaga.

Dhéanfar an obair i dhá chéim, tógfar 12 teach sa chéad chéim agus na tithe eile agus aonad neamhspleách amach anseo.

Chuir an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh fáilte roimh an scéala.

In ainneoin gur fháiltigh an Comhairleor Contae Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig roimh phleananna na Comhairle Contae, dúirt sé gur cheart na tithe uilig a thógáil ag an am amháin agus gur cheart go mbeadh na Comhairleoirí aontaithe ar an cheist seo.

Mol Máinliachta

Dúirt Bainisteoir Otharlann Leitir Ceanainn Seán Murphy ag cruinniú d’Fhóram Sláinte an Iarthair inné go mbeadh sé níos tábhachtaí agus níos suntasaí Ionad Lae d'othair sheachtracha a thogáil in Otharlann Leitir Ceanainn in áit Mol Máinliachta.

Bhí Seán Murphy ag tabhairt freagra ar cheist a chuir an Comhairleoir Contae Gerry McMonagle maidir leis an imní go raibh socruithe á ndéanamh Mol Máinliachta a lonnú in Otharlann Shligigh in áit Otharlann Leitir Ceanainn

Dúirt an Comhairleor McMonagle go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh an cúram sláinte céanna ar fáil i Leitir Ceanainn agus atá sa chuid eile den chontae.

D’aontaigh Seán Murphy nach raibh go leor infheistíochta á déanamh in Otharlann Leitir Ceanainn ach dúirt sé go mbeadh an tIonad Lae úr in ann níos mo áiseanna agus seirbhísí a chur ar fáil agus go nglacfadh an togra idir bliain agus bliain go leith.

CLG

Beidh ócáid ar siúl i mBaile Átha Cliath tráthnóna inniu le hairgead a bhailiú do Chumann Lúthchleas Gael Dhún na nGall.

Beidh Bainisteoir Fhoireann Peile Dhún na nGall, Jim McGuinness ina aoi-chainteoir ag an ócáid a bheidh ar siúl in Óstan Harcourt ag a 6 a chlog tráthnóna.

Is iad Gréasán Gnó Dhún na nGall Bhaile Átha Cliath i gcomhar le CLG Dhún na nGall atá á eagrú agus rachaidh an t-airgead a bhaileofar chun tairbhe Chiste Traenála Fhoirne Dhún na nGall.