Gaza

Deir Louise Nic a' tSionnaigh, ó fheachtas comhbhá na hÉireann leis an bPalaistín, gur cheart do Chomhairle Contae Chiarraí tuairimí an phobail a fháil fé ionradh Iosrael ar Ghaza, sara gcuireann siad fáiltiú cathartha roimh leithéid Richard E. Neal chun an chontae.

Deir sí an méid sin in agallamh d’Adhmhaidin inniu, tar éis don bhfeachtas bheith i mbun agóidíochta ag an bhfáiltiú cathartha don Niallach i gCill Airne, mar a bhfuil an Molchruinniú Eacnamaíochta Domhanda ar bun ó Dé Luain.

Gaisce na nÓg

Tá gradam Gaisce na nÓg leis an nGarda Síochána i bPort Láirge bronnta ar Chiana Ní Bheaglaoi ó Ráth na Muiríneach sa Rinn, as ucht na tacaíochta atá tugtha aici dá deirfiúr óg Aoileann a bhfuil riachtanaisí speisialta aici.

'Sí Garda na Rinne Cristín Ní Dheasúna a d’ainmnigh Ciana don ngradam.

Bronnadh an gradam aréir ag ócáid in Óstán an Túir i bPort Láirge.

CUMASÚ

Tá cuireadh tugtha ag Údarás na Gaeltachta do mhná i gceantair Ghaeltachta Chiarraí a bhfuil suim acu a ngnónna féin a bhunú, nó gnó atá ar bun acu cheana a fhorbairt, freastal ar sheisiúin eolais neamhfhoirmeálta maidir leis an gclár CUMASÚ.

Tá an clár maoinithe ag an Údarás agus curtha ar fáil san Iardheisceart aige Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan.

Beidh dhá sheisiún eolais ar an 5 Meitheamh, ceann i gTeic Uíbh Ráthaigh ar a 11 ar maidin, agus ceann eile ar a cúig trathnóna i gTeic Chorca Dhuibhne.

Madra rua

Sa Dáil inné labhair na Teachtaí Danny Healy Rae agus Michael Collins i gcoinne an bhille atá molta ag an dTeachta Dála Ruth Coppinger go gcuirfí cosc ar fhiach an mhadra rua.

Dúirt an Teachta Collins ó Iarthar Chorcaí gur údar mór imní iad na sionnaigh d’fheirmeoirí agus go gcaithfear iad a choimeád fé smacht.

Dúirt an Teachta Healy Rae go bhfuil daoine i gCiarraí ag labhairt leis agus ag iarraidh go gcuirfí stop leis an mbille.

D’iarr sé go gcaithfí vóta láithreach bonn ar an mbille, ach thug Príomh-Aoire an Rialtais, Mary Butler, le fios ná beadh an rialtas ag cur i gcoinne an bhille ar an gcéad léamh, ach go mb’fhéidir go nglacfaí seasamh ina leith dá dtiocfadh sé os comhair na Dála ag an nDara Céim.

Rás luamh

Deir lucht eagair an ráis luamh Volvo ó Dhún Laoghaire an Daingean, go bhfuil breis bearta sábháilteachta i bhfeidhm i ráiseanna dá leithéid i mbliana, tar éis do bheirt seoltóirí bás a fháil le linn rás Sydney go Hobart ag deireadh na bliana anuraidh.

Bhíodh an rás iomráiteach ar siúl gach re bliain - Is ar an 11 Meitheamh a bheidh sé i mbliana.

Tá an rás 32 bliain ar an bhfód anois, eagraithe ag Martin Crotty agus Peter Cullen ó Dhún Laoghaire chomh maith le Cumann Bádóirí an Daingin.

Tá súil leis na báid sa Daingean tráthnóna Dé Sathairn.

Tionólfar ócáid bhronnta na nduaiseanna in Óstán na Sceilge an tráthnóna sin, an 14 Meitheamh.

Cruinniú Mullaigh

Is inniu an lá deireanach don gCruinniú Mullaigh Eacnamaíochta Domhanda i gCill Airne in Óstan na hEorpa.

Beidh Maria Guevara ón eagraíocht Médecins Sans Frontières ag caint inniu, chomh maith le mórán eile maidir le hiriseoireacht, cúrsaí sláinte, agus ETIM (STEM).

Beidh an t-aisteoir agus an gníomhaí Liam Cunningham i mbun cainte chomh maith.

Sábháilteacht ar Bhóithre

Beifear ag cur tús inniu le Comhdháil Sábháilteacht ar Bhóithre i gCill Airne.

Is comhdháil dhá lá atá i gceist a bheidh ar siúl in Óstán Ghleann an Iolair, san INEC.

Beidh nach mór 300 cainteoir i láthair ag an gComhdháil ó Éirinn, ó Shasana, ón Nua-Shéalainn agus ón Eastóin.