Comhar na nOileán

Is é an Comhairleoir Contae Anthony Molloy Ionadaí Chomhairle Contae Dhún na nGall ar Chomhar na nOileán.

Cuireadh ainm an Chomhairleora Molloy agus an Comhairleora Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig os comhair cruinniú de chuid na Comhairle Contae inné.

Rinne an Comhairleoir Contae Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig achainí ag an chruinniú agus dúirt sé gur mhaith leis féin a bheith ina bhall de Choiste Chomhar na nOileán mar gheall ar an cheangal agus an ghrá atá aige d'oileáin na contae.

Cuireadh an dá ainm ar vóta agus d'éirigh leis an Chomhairleoir Molloy le 20 vota in éadan 10 vóta.

Dúirt an Comhairleor Molloy gur onóir dó a bheith roghnaithe arís ar Bhord Chomhar na nOileán agus go dtuigeann sé go maith éilimh mhuintir na nOileán.

Togra Taistil

Glacadh le Togra Taistil Leitir Ceanainn ag cruinniú den Chomhairle Contae inné.

Tá €2.5m ceadaithe le cosáin siúil agus rothaíochta a fhorbairt ar an bhaile.

Dúirt an Comhairleoir Contae Ciarán Brogan go bhfuil deacrachtaí móra tráchta ar an bhaile agus mhol sé gan glacadh leis an Togra agus na pleananna a chur siar agus díriú ar bhóithre a fhorbairt.

Dúirt an Comhairleor Contae Gerry Mac Monagail go bhfuil Togra Taistil Leitir Ceanainn á phlé ag an Chomhairle le níos mó ná 3 bliana agus mhol sé glacadh leis an Togra ós rud é go bhfuil maoiniú ceadaithe.

Cuireadh an dá mholadh ar vóta agus glacadh leis an togra.

Bhí 20 Comhairleoir i bhfách glacadh leis an Togra agus triúr Chomhairleoirí déag ina éadan.

Straitéis Turasóireachta

Cuireadh siar an cinneadh maidir le Straitéis Turasóireachta Chomhairle Contae Dhún na nGall 2025-2030 ag cruinniú na Comhairle Contae inné.

Dúradh go raibh roinnt suíomhanna turasóireachta sa chontae nach raibh san áireamh sa phlean, ina measc Teach Solais Fhánada, Cionn Mhálanna agus An Wild Alpaca Way agus cuireadh siar an cinneadh, dá bharr.

Tá sé beartaithe mar pháirt den Stratéis Turasóireachta forbairt a dhéanamh ar an earnáil turasóireachta sa chontae áit a mbeidh béim á cur ar chúrsaí eacnamaíochta, sóisialta, cultúir agus timpeallachta.

In ainneoin go léiríonn figiúirí atá sa phlean go dtug chóir a bheith 700,000 duine cuairt ar shuíomhanna turasóireachta sa chontae i 2023, meastar go bhfuil an figiúr sin i bhfad níos airde.

Míoca

Glacadh le rún ón Chomhairleoir Contae Frank Mac Breartaigh ag cruinniú na Comhairle Contae inné go gcuirfí fiosrúchán poiblí ar bun maidir le géarchéim na mbrící lochtacha agus béim a chur ar thrédhearcacht, freagracht agus ceartas d’úinéirí tí.

Ba é an Comhairleoir Contae Thomas Sean Devine a chur leis an rún agus thacaigh Comhairleoirí Contae an pháirtí Cúiteamh 100% uilig leis an rún a chuir an Comhairleoir Mac Breartaigh os comhair an chruinnithe.

Dúirt an Comhairleoir Mac Breartaigh gur lig Comhairle Contae Dhún na nGall agus baill tofa na Comhairle síos na daoine le tithe le brící lochtacha sa scéim seo go háirithe nuair a ghlac siad leis an scéim leasaithe atá ag fágáil úinéirí tí go mór as póca.

Dúirt sé go dteastaíonn fiosrúchán poiblí faoin chás ar mhaithe leis na húinéirí tí.

Enya

Tá sé beartaithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall Saoirse na Contae a bhronnadh ar an cheoltóir aitheanta as Gaoth Dobhair Enya, nó Eithne Ní Bhraonáin.

Dúirt Cathaoirleach na Contae, an Comhairleoir Niamh Kennedy, go bhfuil an t-aitheantas seo tuillte go maith ag Enya mar gheall ar an chlú domhanda atá ar a cuid ceoil.

Dúirt sí go bhfuil pobal Dhún na nGall bródúil as an mhéid atá bainte amach ag Enya agus gur onóir daofa a leithéid d’aitheantas a bhronnadh ar Enya.

Dúirt an Comhairleoir Kennedy go dtuigeann sí go maith gur duine ciúin, príobháideach atá inti agus nach bhfuil cinnteacht ar bith go nglacfaidh sí leis an ghradam i gCeannáras na Contae, ach mar sin féin go raibh sé tábhachtach an t-aitheantas seo a bhronnadh uirthi.

Bhronn an Chomhairle Contae Saoirse na Contae ar thuismitheoirí Enya, Leo agus Baba Uí Bhraonáin, sa bhliain 2005.