Taisme bóthair

Tá póilíní an Tuaiscirt ag lorg eolas ón phobal maidir le taisme bóthair a tharla ar an Ómaigh Dé Sathairn.

Maraíodh Bernadette Cranley (82) as Leifear, Contae Dhún na nGall nuair a bhuail an carr a bhí á tiomáint aici in éadan carr eile ar Bhealach an Mhulláin idir an Ómaigh agus an Baile Nua i dtrátha 12:30 Dé Sathairn.

Tugadh tiománaí an chairr eile, bean ina cuid 70í, chun na hotharlainne dá bharr a ndrochghortuithe.

Tá Póilíní an Tuaiscirt ag iarraidh ar dhuine ar bith a bhí ag taisteal ar an bhealach seo idir an Ómaigh agus an Baile Nua i dtrátha 12:30 Dé Sathairn, go háirithe duine ar bith a bhfuil daischeamara ina gcarr acu, teagmháil a dhéanamh leo.

Níl socruithe tórraimh Bernadette Cranley cinntithe go fóill.

Catharnas

Beidh an chéad chruinniú míosúil ag an charthanas a chuireann tacaíocht agus comhairle ar fáil do dhaoine a chaill ball teaghlaigh nó cairde i dtimpistí bóthair ar dhá taobh na teorann, ar siúl i Leitir Ceanainn anocht.

Dúirt Marie Furey, as Tamhnach an tSalainn, agus ionadaí Dhún na nGall ar an Charthanacht, gur ábhar faoisimh é do dhaoine atá ag fulaingt a bheith ábalta labhairt lena chéile le comhairle agus treoir a fháil.

Maraíodh seisear i dtimpistí bóthair i nDún na nGall go dtí seo i mbliana agus maraíodh seisear déag ar bhóithre na contae anuraidh.

Beidh an cruinniú ar siúl ag a 7 a chlog anocht in Ionad Ban Dhún na nGall ar bhóthar an Phoirt, i Leitir Ceanainn.

Ten T

Dúirt an Comhairleoir Contae Dónal Coyle go bhfuil eolas tugtha ag an Rialtas go ndéanfar Tuarascálacha Tionchair Timpeallachta do Thogra Ten T agus na hOrduithe Ceannaigh éigeantacha a fhoilsiú roimh dheireadh Lúnasa.

Trí phíosa bealaigh atá mar chuid den togra – seachbhóthar Bhealach Féich/Shrath an Urláir, Leitir Ceanainn go Mainéar Uí Chuinneagáin agus bealach Mhainéar Uí Chuinneagáin go Leifear a nascadh leis an A5 ar an tSrath Bán.

Beidh idir 30/40 teach le leagan leis na bealtaí seo a thógáil agus beidh talamh á chailleadh ag úinéirí talaimh.

Measann an Comhairleoir Donal Coyle go mbeidh sé ar a laghad 2030 sula dtosófar ar thógail na mbealtaí.

Dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach droichead a thógáil trasna na Súilí i Leitir Ceanainn le dhul i ngleic leis na fadhbanna móra tráchta atá ar an bhaile.

Déantúsaíocht áitiúil

Tá níos mó measa anois ná riamh ag daoine ar tháirgí agus ar ábhar atá déanta go háitiúil a dúirt Micheál Mac Giolla Easpaig, Bainisteoir Réigiúin Údarás na Gaeltachta i dTír Chonaill.

Dúirt sé go bhfuil na táirgí atá déanta sa Ghaeltacht fíorthábhachtach don Údarás agus gur mionchomhlachtaí dúchasacha 87% de chliantchomhlachtaí an Údaráis.

Dúirt Micheál Mac Giolla Easpaig gur as baile isteach an chuid is mó de na Comhlachtaí móra atá lonnaithe sa Ghaeltacht.

N56

Socraíodh cuireadh a thabhairt do Theachtaí Dála Dhún na nGall freastal ar chruinniú de Choiste Cheantar Bardais na nGleanntach leis na deacrachtaí pleanála ar bhealach an N56 a phlé.

Dúirt an Comhairleoir Contae Brian Carr gur ceist í seo atá ag cur isteach ar chuid mhór daoine i nDún na nGall, agus gur cheart an cheist a phlé le Teachtaí Dála na contae.

Dúirt an Comhairleoir Carr go mbeidh deis ag na Teachtaí Dála na deacrachtaí pleanála atá ag daoine ar bhealach an N56 a ardú leis an Taoiseach agus le hAirí Rialtais, agus cás a dhéanamh ar son na ndaoine gur mian leo teach a thógáil ar an bhealach.