Toraigh
Tá gealltanas tugtha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail Dara Calleary don Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh go dtabharfaidh sé cuairt ar Dhún na nGall an samhradh seo, le castáil le pobal Oileán Thoraí agus plé a dhéanamh ar an cheist maidir le bád farantóireachta úr don oileán.
Madaí Treorach
Is inniu Lá Náisiúnta na Madaí Treorach agus ag cruinniú Cheantar Bardais na nGleanntach ar na mallaibh léirigh toscaireacht ó Chumann na hÉireann um Madaigh Treorach na dúshláin atá ag daoine a bhfuil deacrachtaí acu le hamharc na súl, a mbealach a dhéanamh thart go sábháilte ar bhaile an Chlocháin Léith.