Uisce

Tá an Comhairleoir Contae Jimmy Brogan ag iarraidh ar an Chomhairle Contae teagmháil a dhéanamh le hUisce Éireann ar bhonn práinne leis na deacrachtaí atá leis an chóras uisce i gceantar Ghleann Cholm Cille agus Teileann a phlé.

Dúirt sé go gcaithfear uasghrádú a dhéanamh ar an chóras agus píopaí úra a leagan in áit na seanphíopaí aispeiste atá ansin le blianta fada, go háirithe ar an Ghaineamh, Gleann Cholm Cille agus Teileann.

Dúirt an Comhairleoir Brogan go mbíonn píopaí uisce ag réabadh sna ceantracha seo go minic agus go mbíonn daoine fágtha gan uisce.

Oideas Gael

Dúirt Liam Ó Cuinneagáin, duine de bhunaitheoirí Oideas Gael i nGleann Cholm Cille go bhfuil sé tábhachtach infheistíocht a dhéanamh san infreastruchtúr uisce sa cheantar féin.

Dúirt sé gurb í an Turasóireacht an príomhthionscal atá sa cheantar agus go bhfuil sé tábhachtach nach mbeadh an ceantar fágtha gan uisce.

Dúirt Liam Ó Cuinneagáin go bhfuil súil aige go n-éisteofar leis an Chomhairleoir Brogan agus go ndéanfaidh Uisce Éireann gníomh.

An Fál Carrach

Tá díomá léirithe ag Coiste Bhailte Slachtmhara an Fhál Charraigh faoi dhamáiste mhailíseach atá déanta do chrainn ar an bhaile.

Seo an tríú iarraidh le roinnt seachtainí anuas a bhfuil damáiste déanta do na crainn a bhí curtha ar an bhaile.

Tarraingíodh na crainn amach as an talamh.

Tharla an eachtra idir an 10 a chlog maidin Dé Máirt agus an 7 a chlog tráthnóna Dé Máirt.

I ráiteas ó Choiste Bhailte Slachtmhara an Fhál Charraigh deirtear go bhfuil iarrachtaí ar bun ag an Choiste le roinnt blianta anuas an bhithéagsúlacht agus inbhuanaitheacht a chur chun cinn ar an bhaile agus go bhfuil toradh dearfach ar a n-iarrachtaí le feiceáil go soiléir ar fud an bhaile.

Iarrtar ar dhuine ar bith a bhfuil imní orthu faoi shuíomh na gcrann teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an choiste.

Baile na nGleanntach

Dhéanfar plé inniu ar Phlean a ullmhú do bhaile na nGleanntach.

Beidh ócáid á reáchtáil ag Foireann Athghiniúna agus Forbartha Chomhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le foireann bhaile na nGleanntach agus Comhlacht GM Design Associates.

Tá an plean ag díriú ar athnuachan agus athghiniúint an bhaile agus béim ar leith ar íomhá agus beocht lár bhaile na nGleanntach a neartú.

Beidh an chéad chomhairliúchán poiblí ar siúl inniu i Halla an Mhargaidh ar Phríomhshráid na nGleanntach idir 3.30 agus 7.30.

Gradaim Náisiúnta Fiontraíochta

Beidh comhlacht as an Chaisleán Nua ag déanamh ionadaíochta do Dhún na nGall ag na Gradaim Náisiúnta Fiontraíochta a bheidh ar siúl i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath anocht.

D'éirigh leis an chomhlacht innealtóireachta 'Seabound’ Gradam Fiontraíochta Dhún na nGall a bhaint ag deireadh na bliana is chuaigh thart.

Táirgeann an comhlacht, atá lonnaithe in Inis Eoghain, soithí agus longa déanta as alúmanam.

Seo an tríú bliain as a chéile do chomhlacht as Inis Eoghain ionadaíocht a dhéanamh do Dhún na nGall sa chomórtas náisiúnta.