Tithe

Tháinig ardú 15% ar luach tithe cónaithe i nDún na nGall le bliain, de réir an eolais is deireanaí i dtuarascáil MyHome.ie a foilsíodh ar maidin.

€242,500 an meánchostas atá ar theach cónaithe sa chontae faoi láthair.

Thit luach tithe leathscoite le trí sheomra leapa sa chontae 3% le trí mhí – €179,000 an meánchostas atá ar theach den chineál sin faoi láthair i gcomparáid le €173,000 sa ráithe dheireanach de 2024.

Little Angels

Tá tuismitheoirí a bhí ag dréim le scéala inné faoi áit dá bpáistí i Scoil Little Angels i Leitir Ceanainn i mí Meán Fómhair trína chéile a deir siad nach bhfuair siad an scéala sin go fóill.

10 bpáiste atá gan áit mar gheall ar easpa spáis i bhfoirgneamh úr Scoil Little Angels nach bhfuil oscailte go fóill.

Thaistil tuismitheoirí na bpáistí go Baile Átha Cliath an tseachtain seo a chuaigh thart le dul i mbun agóide taobh amuigh de Theach Laighean, áit ar tugadh le fios daofa le linn cruinnithe leis an Aire Oideachais Speisialta, Michael Moynihan, go raibh an Roinn Oideachais ag obair le theacht ar réiteach agus go bhfaigheadh siad scéala faoin réiteach sin inné.

Deir na tuismitheoirí gur hinsíodh daofa inné go raibh cúpla lá eile a dhíth ar an Roinn Oideachais le socruithe a dhéanamh le cinntiú go mbeidh áit ar fáil dá bpáistí i Scoil Little Angels.

Deir na tuismitheoirí nach bhfuil siad muiníneach go dtiocfar ar réiteach sula gcríochnaíonn an Dáil do bhriseadh na Cásca.

Dídean

Tá cruinniú éigeandála á lorg ag an Chomhairleoir Contae Michael McClafferty leis an fhadhb atá sa chontae maidir le daoine atá gan dídean a phlé.

Dúirt an Comhairleoir McClafferty go bhfuil ardú tagtha ar an méid daoine atá i dteagmháil leis féin agus iad ag lorg dídine agus nach bhfuil áit ar bith sa chontae daofa.

Tá na hionaid ina bhfuil lóistín éigeandála i Leitir Ceanainn agus Bun Dobhráin lán agus dúirt an Comhairleoir McClafferty go bhfuil sé tábhachtach cruinniú éigeandála a reáchtáil le heolas a thabhairt do Chomhairleoirí Contae faoi phleananna tacaíocht a thabhairt do na daoine seo atá i gcruachás.

Dúirt sé go gcaithfear na dearbháin atá á gcur ar fáil do dhaoine atá gan dídean a choinneáil go dtí i ndiaidh an chruinnithe éigeandála ar a laghad a dúirt sé.

Coiste na Gaeilge

Roghnófar beirt bhall ó Choiste Cheantar Bardais Dhún na nGall ar Choiste Gaeilge den Chomhairle Contae inniu.

Tá sé níos mó ná dhá bhliain ó reáchtáladh an cruinniú deireanach de Choiste na Gaeilge.

Tá 10 mball ar Choiste na Gaeilge faoi láthair, ceathrar ó Cheantar Bardais na nGleanntach agus beirt ó Cheantair Bardais Inis Eoghain, Leitir Ceanainn/ Bhaile na nGallóglach, Shrath an Urláir/Leifir agus roghnófar beirt bhall inniu ó cheantar Dhún na nGall.

Meastar go roghnófar na Comhairleoirí Jimmy Brogan agus Michael Boyle ar an Choiste inniu agus dhéanfar dáta a shocrú don chruinniú ansin.

Is é an Comhairleoir Contae Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig, Cathaoirleach an Choiste faoi láthair.