Feirmeoirí ban
Tá iarrachtaí ar bun ag Tionscnaimh ACRES Dhún na nGall le haitheantas a thabhairt do ról na mban san earnáil talmhaíochta.
Tá ócáidí eolais ar siúl ag an eagraíocht i Mín an Lábáin inniu agus i mBaile Dhún na nGall amárach le guth agus tacaíocht a thabhairt do mhná a bhíonn ag plé le cúrsaí feirmeoireachta.
Dúirt Seosamh Ó Cúinn, Oifigeach ACRES Dhún na nGall, nach léiríonn na figiúirí ón Phríomh-Oifig Staidrimh an ról tábhachtach atá ag mná i gcúrsaí feirmeoireachta.
Beidh an ócáid eolais ar siúl ag feirm i Mín an Lábáin inniu agus i Halla Pobail Leac Thamhnaigh i mBaile Dhún na nGall amárach agus tá tuilleadh eolais le fáil ar an suíomh AcresDonegal.ie.
Crann cumarsáide
Tá Grúpa Forbartha na Dúchoradh ag iarraidh go ndéanfaí an crann cumarsáide a cuireadh in airde mar pháirt den fhorbairt a bhí beartaithe chun feirm ghaoithe a thógáil i gClochar Corr a thógáil ar shiúil.
Diúltaíodh d'iarratas ar chead pleanála a rinne an comhlacht Orsted as an Danmhairg 19 tuirbín gaoithe 200 méadar ar airde a thógáil ar an suíomh agus tharraing an Comhlacht siar a n-iarratas.
Dúirt an Comhairleoir Contae Micheal Choilm Mac Giolla Easpaig go bhfuil an crann cumarsáide seo, atá níos mó ná sé chéad troigh ar airde ag cur isteach go mór ar phobal an cheantair, ar an timpeallacht agus ar áilleacht na háite agus go bhfuil gá an crann cumarsáide seo a thógáil ar shiúil ón láthair.
Garda Cósta
Thug Garda Cósta na gCeall Beag madra a bhí sáinnithe ag Bá Ghleann Lach in aice an Phoirt i nDeisceart Dhún na nGall slán inné.
Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála go gairid i ndiaidh an 1 a chlog inné agus d'fhreastail Garda Cósta na gCeall Beag ar an láthair.
Dúirt baill den Gharda Cósta gur éirigh go maith leis an eachtra tarrthála a mhair seacht n-uaire an chloig agus nár gortaíodh duine ar bith lena linn.
Rós Dhún na nGall
Beidh Niamh Shevlin, Rós Dhún na nGall 2024 le feiceáil ar an teilifís anocht agus í i mbun agallaimh mar chuid d’fhéile Rós Thrá Lí na bliana seo atá ar siúl i gCiarraí i láthair na huaire.
Is é Colton Friel as Baile Dhún na nGall atá mar ghiolla aici.
Is as Gleann tSúilí do Niamh Shevlin, an áit arb as a máthair Geralyn agus is as na Dúnaibh, a hathair, Michael ó dhúchas. Níl Niamh i bhfad cáilithe mar mhúinteoir bunscoile.
Tá clú agus cáil ar Niamh agus a leathchúpla, Gavin ar fud an domhain mar gheall ar a gcuid scileanna damhsa agus chaith sí seal mar phríomhdhamhsóir sa taispeántas, Lord of the Dance, a bhfuil Michael Flatley luaite leis, sa bhliain 2019.
Beidh Niamh le feiceáil ar an teilifís anocht ar RTÉ One ón hocht a chlog agus roghnófar Rós Thrá Lí na bliana seo ag deireadh an chláir.
Sean-Iarnród
Beidh léacht oidhreachta ar siúl anocht faoin tSean-Iarnród idir Leitir Ceanainn agus Ailt an Chorráin mar chuid de Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta le Joe Ó Beaglaoich.
Osclaíodh an líne ag tús an chéid seo caite sa bhliain 1903 agus bhí beagnach 50 míle de thuras ann ar an traen idir Leitir Ceanainn agus Ailt an Chorráin agus bhí sé ag rith go dtí gur cuireadh deireadh leis sa bhliain 1940.
Beidh léacht na hoíche anocht dírithe ar an turas traenach féin agus mar a tógadh an líne iarnróid agus beidh grianghraif ó na hinnealltóirí a bhí ag obair ar an líne ag an am mar chuid de fosta.
Cuirfear tús le hócáid na hoíche anocht ag a seacht a chlog i Músaem Iarnróid an Chontae i Leitir Ceanainn agus tá fáilte mhór roimh an phobal.