Fiosúchán faoi thimpiste bóthair

Tá fiosrúchán ar bun ag Gardaí Dhún na nGall maidir le timpiste bóthair a tharla i mBaile Dhún na nGall tráthnóna inné.

Dhá fheithicil a bhí sa timpiste a tharla ar bhealach an N15 idir Baile Dhún na nGall agus an Bearnas Mór.

Tugadh fear ina chuid 40idí agus bean ina cuid 70idí go hOtharlann Leitir Ceanainn dá bharr na ngortaithe a bhain daofa sa timpiste ach tuigtear nach bhfuil siad gortaithe go dona.

Tá na Gardaí ag iarraidh ar dhuine ar bith a bhí ag taisteal ar an bhealach seo ag an am, go háirithe daoine a bhfuil taifeadadh daischeamara acu, teagmháil a dhéanamh leo.

Mainistir na hArdaí

Tá an chéad chéim den obair fhorbartha a bhí a dhéanamh ag Mainistir na hArdaí críochnaithe anois.

Chosáin an obair suas le €300,000 agus rinneadh obair uasghrádaithe ar na háiseanna.

Tá an Bhialann, Siopa agus Siúlóid oscailte arís anois don phobal.

Tá laghdú mór tagtha ar an líon bráthar atá ina gcónaí ar na hArdaí le 60 bliain a dúirt an Bráthair Pilib de Baicstéir, Bainisteoir na Mainistreach.

Ochtar bráthair atá ina gcónaí ansin faoi láthair ach dúirt sé go bhfuil siad dóchasach go gcuideoidh an plean forbartha atá acu, an Mhainistir a athbheochaint.

Meastar go gcosnóidh an obair iomlán ar an fhoirgneamh beagnach €3 mhilliún.

Athrú úinéirí

Tá Siopa agus Stáisiún Breosla Mace i gCill Mhic Réanáin glactha ar lámh ag Clann Uí Dhomhnaill i gCroithlí an tseachtain seo.

Tá chóir a bheith 40 bliain caite ag Clann Uí Dhomhnaill in earnáil na miondíolaíochta.

Tá siopaí acu i gCroithlí, Eileastran Leitir Ceanainn agus i gCill Mhic Réanáin.

Eitinn Bhólachta

Tá imní go bhfuil cásanna d'eitinn bhólachta ag éirí níos forleithne ar fheirmeacha i gCeantar Bardais na nGleanntach, a dúirt an Comhairleoir Contae Michael Mac Laifeartaigh.

Is é an broc is mó is cúis leis an ghalar, a dúirt sé agus tá sé ag impí ar fheirmeoirí a chinntiú go gcuireann siad bearta i bhfeidhm ar a gcuid feirmeacha le cosc a chur ar an ghalar.

Dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil an t-uisce a bhíonn ar fáil don eallach in áit shábháilte.

Impíonn an Comhairleoir Mac Laifeartaigh ar an phobal chomh maith gan baint do bhroc atá marbh mar go bhfuil an galar seo tógálach.

Maoiniú an Chomhairle Chontae

Dúirt Liam Mac an Bhaird, Stiúrthoir Forbartha Pobail agus Seirbhísí Pleanála na Comhairle Contae, go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh an leibhéal céanna maoinithe ar fáil do Chomhairle Contae Dhún na nGall i dtréimhse úr na Comhairle Contae agus a bhí sa tréimhse atá go díreach caite.

Dúirt sé go bhfuil obair mhaith déanta faoi Scéimeanna Athghiniúna Bailte agus Sráidbhailte go háirithe sna Cealla Beaga, Árainn Mhór agus Ailt an Chorráin ach go bhfuil go leor bailte eile le déanamh go fóill, mar Leitir Ceanainn agus Bealach Féich.