Nikki Bradley

Tá bean as Dún na nGall ainmnithe ag an Taoiseach Simon Harris le bheith ina Seanadóir.

Tiocfaidh Nikki Bradley, a bhfuil aithne uirthi dá bharr a cuid oibre ag tarraingt aird ar chearta daoine faoi mhíchumas, i gcomharbacht ar Iar-Cheannaire an tSeanaid, Regina Doherty, a toghadh ina Feisire Eorpach ar na mallaibh.

Tá tuairimíocht ann anois go mb'fhéidir go mbeadh Nikki Bradley ina hiarrthóir ag Fine Gael san olltoghchán in áit an Teachta Dála Joe McHugh, a bhfuil sé ráite aige nach mbeidh sé ag dul san iomaíocht.

Brící Lochtacha

Léiríonn an comhfhreagras idir an tArd-Aighne agus an Rialtas faoi Scéim na mBrící Lochtacha a tuairiscíodh ar an suíomh nuachta The Ditch inné gur thug an Rialtas i gcónaí tús áite do chostais a laghdú in áit réiteach a fháil ar an fhadhb, a dúirt an Teachta Dála Thomas Pringle.

De réir na tuairisce ar The Ditch, chuir an tArd-Aighne moltaí nár foilsíodh os comhair an Rialtais le líon na n-iarrthóirí ar Scéim na mBrící Lochtacha a laghdú, leis an Stát a chosaint ó thaobh airgeadais de agus le cinntiú go mbeadh líon na n-iarratas chomh híseal agus is féidir.

Dúradh fosta san alt gur thug an tArd-Aighne rabhadh don Rialtas go mbainfeadh daoine mí-úsáid as an Scéim Cúitimh.

Deir an Comhairleoir Contae Ali Farren ón Pháirtí Cúiteamh 100% go léiríonn an scéal gur cuireadh an scéim ar bun sa dóigh nach n-oibreodh sí agus le cosc a chur ar dhaoine Cothrom na Féinne a fháil.

Deir MAG nó Grúpa Gníomhaíochta na mBrící Lochtacha nach gcuireann an scéal iontas ar dhuine ar bith atá buailte ag an ghéarchéim agus go raibh an scéim deartha le deacrachtaí a chruthú do dhaoine a bhí ag cur isteach air.

Machaire Rabhartaigh

Aontaíodh ag cruinniú de Choiste Cheantar Bardais na nGleanntach inné go bhfuil gá le plean fadtéarmach ag Cé Mhachaire Rabhartaigh.

Dúirt na Comhairleoirí Contae go dtugann na céadta cuairt ar an trá achan deireadh seachtaine agus go bhfuil sé tábhachtach áiseanna agus seirbhisí cuí a chur ar fáil ansin.

Maidir le leithris phoiblí a chur ar fáil ag an ché, mar nach mbíonn na leithris atá ansin faoi láthair oscailte ach nuair atá an gnó Narosa oscailte, socraíodh go ndéanfaí iarracht leithris mhodúlacha a chur ar fáil ansin a bheadh ceangailte leis an chóras séarachais agus go mbeadh siad oscailte i rith an lae.

Dúirt Micheál Mac Gairbheith, Stiurthóir Seirbhísí Comhshaoil Chomhairle Contae Dhún na nGall go bhfuil sé sásta leis an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le pleananna do Mhachaire Rabhartaigh agus dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh an pobal páirteach iontu.

Bóithre

Thug Innealtóir Bóithre leis an Chomhairle Contae Brendan Mac Pháidín le fios ag cruinniú de Cheantar Bardais na nGleanntach inné gur ceadaíodh €1.9m d’allúntas breise le hobair dheisiúcháin a dhéanamh ar bhóithre sa chontae agus go raibh €359,000 de sin le caitheamh ar bhóithre i gCeantar Bardais na nGleanntach.

D’aontaigh na Comhairleoirí Contae ag an chruinniú go gcaithfí €60,000 ar bhealach Chaiseal na gCorr i dtreo Dhún Lúiche agus €30,000 ar bhealach Chúl na hEaragaile.

€24,000 atá le caitheamh ar bhealach Mhín an Iolair agus €66,000 ar bhealach na Bráda i dtreo an Aerfoirt ar an Charraig Fhinn.

Ceadaíodh €90,000 do bhealach Sheascán na Rón ar an Chlochán Liath, €30,000 do bhealach Chill Chluanaigh, €35,000 do bhealach Ghleann Gheis agus €25,000 do bhealach Dhoire Náis.