Obráid tar éis turais bhus.
Deir an Teachta Dála Neamhspleách Danny Healy-Rae, go b'éigean do bhean as Iarthar Duibhneach atá 98 mbliana d'aois dul ar bhus go Béal Feirste le déanaí, chun obráid súl a fháil, mar nach bhfuil a leithéid ar fáil di sa Phoblacht in am tráth.
Ag labhairt dó sa Dáil le déanaí dúirt an Teachta Healy-Rae go raibh ar an mbean seo a tigh laistiar den nDaingean a fhágaint ar a 4am, agus í d’iarraidh a radharc a shábháil.
Ní bheidh a leithéid in ann san a dhéanamh as seo amach, a deir sé, má laghdaíonn an Rialtas an méid a íocann siad as obráidí sna 6 chontae, fé mar atá beartaithe acu..
Bean nua poist
Tá sé curtha in iúl ag An Post do Nuacht an Deiscirt, gurb í Eileen Fitzgerald a bheidh ag tógaint cúram na hOifige poist uirthi féin sa Daingean as seo amach.
Tógfaidh sí an gnó ar láimh ó Eibhlín Geaney, a bhí ina Máistreás Poist le blianta beaga anuas.
Fanfaidh Oifig a’ Phoist mar atá sé, le hais Shiopa Crua-Earraí Mhic Gearailt ar Shráid Mhór an Daingin.
Bhí eagla ar phobal an bhaile nach dtógfadh éinne an gnó ar láimh, rud a d’fhágfadh an baile is mó ar leithinis Chorca Dhuibhne gan aon oifig poist, dála mórán bailte agus sráidbhailte Gaeltachta eile, ach ní hamhlaidh a bheidh.
Bás ar an mbóthar i nDún Garbhán
Tá cabhair á lorg aiges na Gardaí ón bpobal maidir le tionóisc a tharla i gcomharsanacht Dhún Garbhán inné, inar cailleadh bean ina 70í.
Tharla an tionóisc idir cairt agus leoraí ar 9.20 maidin inné ar phríomhbhóthar an N25 sa Gharrán Bán.
Tá na Gardaí ag achainí ar éinne a chonaic an tionóisc, go háirithe éinne a bhfuil ceamaraí feistithe ar a gcairteacha, dul i dteagmháil leo.
Tithíocht i gCorca Dhuibhne
Tá iarrachtaí sa treis comhdháil de lucht oibre agus tionóntaithe a bhunú i gCorca Dhuibhne, chun aird a tharraingt ar cheisteanna na tithíochta, an chostais maireachtála, agus easpa gnímh dar leis an lucht eagair ón gComhairle Contae.
Is iad an grúpa sóisialach agus gníomhaireachta Tromlach atá i mbun na n-iarrachtaí, agus iad meáite ar an gcomhdháil a eagrú i rith na míosa seo chughain.
Deir Tromlach go mbeidh an chomhdháil oscailte do chách agus gur deis a bheidh ann do thionóntaithe agus d’oibrithe a gcásanna a chur in iúl.
Obair ar bhóithre tuaithe
Ag cruinniú na seachtaine seo de Chomhairle Contae Chorcaí, mhol na comhairleoirí Michael Looney agus Gillian Coughlan, gur cheart don Chomhairle conraitheoirí a fhostú chun tabhairt fé scéimeanna LIS agus CIS, do bhóithre nach bóithre poiblí iad, mura bhfuil na hacmhainní foirne acu féin an obair a dhéanamh.
Dúirt Príomhfheidhmeannach na Comhairle, Moira Murrell, go raibh deacrachtaí ag baint leis an bpleanáil dos na scéimeanna seo, ach dúirt sí go bhfuil an cás níos fearr anois ó thosnaigh an Rialtas ag dáileadh an airgid do thréimhse dhá bhliain, seachas do bhliain amháin.