Teach Solais Fhánada

Caithfear athamharc ar an mhórphlean a bhí ag Coiste Theach Solais Fhánada, a dúirt bainisteoir an Tí Solais, Éimear Ní Mhathúna.

Dúirt sí go raibh plean ag an Choiste arbh fhiú €8.5m é le hIonad do Thurasóirí a thógáil in aice leis an Teach Solais agus go raibh cead pleanála tugtha don fhorbairt ach go raibh díomá mhór orthu nár ceadaíodh maoiniú faoin Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe.

Dúirt sí go bhfuil sé práinneach anois plean de scála níos lú a ullmhú ach leis na haiseanna céanna mar go bhfuil brú millteanach spáis orthu, rud nach bhfuil sásúil.

Ionad Cúram Sláinte Fhathna

D'fhreastail scaifte mór ar chruinniú a bhí ar siúl i bhFathain aréir le plé a dhéanamh ar thodhchaí Ionad Cúram Sláinte Fhathna.

Léirigh pobal na háite imní le roinnt seachtainí anuas go raibh deireadh á chur leis na seirbhísí cúram sláinte san Ionad in ainneoin go ndúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nach bhfuil an tIonad ag druidim.

Dúirt pobal na háite gur tugadh ar shiúil a raibh ann agus go bhfuil an foirgneamh anois folamh.

Cuireadh Coiste ar bun ag cruinniú na hoíche aréir agus shínigh suas le 140 duine achainí le seoladh chuig Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte lena chinntiú go leanfar ag soláthar seirbhísí cúram sláinte san Ionad.

Ainmniúcháin FF

Tá Fianna Fáil i nDún na nGall ag glacadh le hainmniúcháin faoi láthair d’iarrthóirí a mbeadh suim acu a bheith san iomaíocht san Olltoghchán.

Beidh an páirtí ag glacadh le hainmniúcháin go dtí an 15ú lá den mhí seo ar 5 a chlog.

Teachta Dála amháin atá ag an pháirtí faoi láthair, is é sin an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie Mc Conologue.

Tá tuairimíocht ann go mbeadh suim ag an Chomhairleoir Contae Micheál Naughton a bheith san iomaíocht, d’eirigh leis an chéad suíochán a fháil i dtoghchán na Comhairle Contae ar na moillibh i gCeantar Bardasach Dhún na nGall.

Chaill Fianna Fáil dhá shuíochán sa toghchán sin agus tháinig titim 4,000 ar vóta Fhianna Fáil.

Lóistín Éigeandála

Tá iarrachtaí ar bun ag Comhairle Contae Dhún na nGall an líon lóistín éigeandála agus tithíocht shóisialta a mhéadú sa Chontae.

Tá an Chomhairle ag lorg léirithe spéise ó úinéirí a mbeadh suim acu a gcuid foirgneamh a bheith san áireamh ar liosta lóistín éigeandála do theaghlaigh agus daoine aonair.

Tá siad ag iarraidh ar úinéirí arasáin, tithe, brúnna agus tithe lóistín ar mhaith leo a bheith cláraithe ar liosta na Comhairle teagmhail a dhéanamh leo, is féidir seomraí singil nó seomraí do theaghlaigh a chur ar an liosta chomh maith.

Tá an Chomhairle ag lorg léirithe spéise chomh maith ó úinéirí tithe a bheadh sásta tithe a dhíol leis an Chomhairle do thithíocht shóisialta.

Uisce na Gaeltachta Láir

Tá an Comhairleoir Contae Martin Scanlon ag lorg eolais ó Uisce Éireann maidir leis na deacrachtaí atá leis an chóras uisce sa Ghaeltacht Láir.

Dúirt sé go bhfuil deacrachtaí le brú an uisce ar an Choimín, i Srath an Ghallaigh, i mBaile na mBan agus ar an Droim.

Dúirt sé go bhfuil deacrachtaí leis an chórais le 4 bliana agus go mbíonn teaghlaigh fágtha gan uisce ar feadh laethanta rud nach bhfuil sásúil.

Tá sé ag iarraidh ar Uisce Éireann caidéal breise a chur ar fáil in aice le Scoil Náisiúnta an Choimín le brú an uisce a bhisiú sa cheantar.

Gabhla gan Uisce

Tá sé ráite an Comhairleoir Contae Micheal Cholm Mac Giolla Easpaig nach bhfuil sé maith go leor go bhfuil tithe ar Ghabhla fágtha gan aon soláthar uisce le cúpla lá anuas, mar gheall ar bhriseadh sa phíopa uisce fhad leis an Oileán.

Dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig go bhfuil seo ag tarlú i bhfad rómhinic agus go gcaithfear réiteach buan a fháil ar na fadhbanna atá le píopa uisce Ghabhla.

Dúirt sé go bhfuil brú íseal uisce ar an Oileán le roinnt míonna anuas mar gheall ar na deacaireachtaí atá leis an phíopa uisce agus go bhfuil go leor tithe ar an oileán anois gan aon soláthar uisce le roinnt laethanta anuas.

Dúirt sé go bhfuil teagmháil déanta aige le hUisce Éireann maidir le cóiriú an phíopa uisce.