Praghas na dtithe i nDún na nGall

I dtuairisc úr ón suíomh tithíochta Myhome.ie inniu is é €215,000 an meánluach ar theach cónaithe i gContae Dhún na nGall sa dara ráithe de 2024, ardú €15,000 ar an tréimhse céanna in 2023.

Tháinig ardú €5,025 ar an chostas atá ar theach cónaithe sa Chontae sa dara ráithe i mbliana, de réir na tuairisce.

204 teach a bhí le díol i nDún na nGall ag deireadh an dara ráithe i mbliana, sin ardú 8%.

Liúntas scoile

Bainfidh 10,615 páiste scoile i nDún na nGall tairbhe as an liúntas éide agus bróga scoile san Fhómhar, a d'fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, inniu.

Íocfar liúntas €160 le pháistí idir ceithre bliana agus aon bhliain déag d’aois, agus €285 do pháistí thar dhá bhliain déag d’aois.

5,897 teaghlach i nDún na nGall a bhainfidh tairbhe as an liúntas éide agus bróga scoile i mbliana.

Is féidir le tuismitheoirí iarratas a dhéanamh faoin scéim go dtí an 30 Meán Fómhair.

Dúshlán na mbricí

Dúirt Stiúrthóir Forbartha Pobail agus Seirbhisí Pleanála na Comhairle Contae, Liam Mac a’Bhaird, gurb é an dúshláin is mó atá roimh an Chomhairle úr ná tacaíocht a thabhairt do na húinéirí tí a bhfuil brící lochtacha ina dtithe.

Dúirt sé go bhfuil cuid mhór uinéirí páirteach i Scéim na mBrící Lochtacha agus dul chun cinn á dheanamh ar chuid de na fadhbanna atá acu, ach go bhfuil go leor eile a bhfuil deacrachtaí acu leis an scéim agus go bhfuil sé de dhualgas ar an Chomhairle achan tacaíocht a thabhairt daofa.

Ós rud é go bhfuil ceathrar Comhairleoirí Contae ón Pháirtí Cúitimh 100% tofa anois ar an Chomhairle, measann sé go mbeidh brú á chur ag na Comhairleoirí seo ar an Rialtas athruithe a dhéanamh ar an scéim atá ar fáil faoi láthair.

Dúirt Liam Mac a’Bhaird go bhfuil an tionscadal bóthair TEN-T ar liosta tosaíochta na Comhairle fosta agus tá súil aige go mbeidh dul chun cinn déanta ar an cheist sa Comhairle Contae seo.

Fóram Sláinte an Iarthair

Tá Cúigear Comhairleoirí ó Chomhairle Contae Dhún na nGall roghnaithe ar Fhóram Réigiúnach Sláinte an Iarthair.

Is iad sin beirt Chomhairleoirí ó Fianna Fáil, Ciarán Brogan agus Micheál Naughton, beirt ó Sinn Féin, Gerry Mc Monagle agus Gary Doherty agus Comhairleoir amháin Neamhspleách, an Comhairleor Declan Meehan.

Dúirt an Comhairleoir Gerry Mc Monagle go bhfuil tábhacht ar leith leis an Fhóram Sláinte agus go leor deacrachtaí sláinte sa Chontae, go háirithe in Otharlann Leitir Ceanainn.

Dúirt sé go bhfuil daonra an Chontae ag ardú go gasta agus go bhfuil sé tábhachtach seirbhisí agus áiseanna breise a chur ar fáil in Otharlann Leitir Ceanainn.

Coiste na mBricí

Tá an chéad chruinniú ag Coiste úr Brící Lochtacha na Comhairle Contae inniu.

Cúigear Comhairleoir déag atá ar an Choiste, ina measc, ceathrar Comhairleoirí Contae ón pháirtí úr, Páirtí Cúitimh 100%, chomh maith le triúr Comhairleoirí ó Fianna Fáil agus Sinn Féin agus ceathrar Comhairleoirí Neamhspléacha.

Dúirt an Comhairleor Contae Ali Farren ón Pháirtí Cúitimh 100% go bhfuil tábhacht mhór le cruinniú an lae inniu agus dúirt sé go bhfuil súil aige go mbeidh na cruinnithe seo á reáchtáil go rialta agus go ndéanfar dul chun cinn ar na héilimh atá ag úinéirí tí.

Ar a 10 ar maidin a bhí an cruinniú le tosú, i Leifear.