Tionóisc
Tugadh beirt chun ospidéil de dheasca tionóisc a tharla i nDoirín sa Dromaid tráthnóna inné.
Tharla an tionóisc timpeall ar a 3pm inné, agus bhí an bóthar ón nDromaid go Bealach Oisín, ó Chrosbhóthar na Cillíneach Léithe go dtí Crosbhóthar Bhaile na Cille, iata ar feadh cúpla uair an chloig.
Dhá chairt a bhí sáite ann, agus tugadh tiománaí agus paisinéir a bhí i gcairt amháin chun ospidéil ina dhiaidh, ach tuigtear nach bhfuilid gortaithe go ró-olc.
Pobalscoil Chorca Dhuibhne
In Catania na hIodáile aréi,r thug foireann d'fiontraithe óga ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne an dara háit leo i gComórtas Chomhlacht na Bliana de chuid Ghradam Gaisce na hÓige, lena gcomhlacht Glan go Glas.
Bhíodar i measc suas le míle rannpháirtí eile ó cheann ceann na hEorpa atá san ollchomórtas fiontraíochta seo.
Is iad Kate Ní Shúilleabháin, Katie Ní Éineacháin, Ríona Ní Ghealbháin, Oisín Ó Dubhda agus Cian Ó Gallchóir, a bhunaigh an comhlacht Glan go Glas.
Oileáin
Tá nach mór €1 milliún de mhaoiniú fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys, inniu do thrí oileán i gContae Chorcaí fén scéim 'Ár nOileáin Bheo’.
Níl an t-aon oileán Gaeltachta i gCorcaigh, Cléire, ina measc áfach.
Tá an t-airgead le caitheamh ar bhóithre, ar phontúin agus ar chosaint cósta ar Inis Uí Drisceoil, Inis Arcáin agus ar an Oileán Mór.
Obráidí súl
Sa Dáil an tseachtain seo, d’fhiafraigh an Teachta Neamhspleách Michael Healy Rae don dTaoiseach Simon Harris, cad ‘na thaobh go bhfuil an cúiteamh a fhaigheann daoine a théann go dtí’s na 6 chontae d’obráidí súl, le gearradh ó dhá mhíle euro go dtí 850 euro.
Bíonn ardéileamh ar na turasanna seo i gCiarraí agus i gCorcaigh, turasanna a dh’eagraíonn na Teachtaí Healy Rae agus an Teachta Dála Neamhspleách ó Chorcaigh Thiar Theas, Michael Collins.
Dúirt an Taoiseach á fhreagairt, go gcreideann sé go gceart go mbeadh cúram sláinte ar fáil ar fud oileán na hÉireann agus go bhfiosródh sé an scéal