Coiste Turasóireachta
Dúirt an Comhairleoir Contae Brian Carr go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil sé féin ina bhall de Choiste Turasóireachta Chomhairle Contae Dhún na nGall mar gheall ar an taithí atá aige féin in earnáil an fháilteachais agus na turasóireachta le blianta fada.
Tuigeann an Comhairleoir Contae Carr, a deir sé, na féidearthachtaí atá sa chontae ó thaobh cúrsaí turasóireachta de agus gur chóir na háiseanna turasóireachta seo a chur chun cinn go domhanda.
Dúirt an Comhairleoir Carr go bhfuil sé mar aidhm aige cúrsaí turasóireachta a chur chun cinn le tuilleadh turasóirí a mhealladh go Dún na nGall agus súil aige go gcuirfidh seo go mór le cúrsaí eacnamaíochta na contae amach anseo.
Foréigean gnéis agus inscne
Tá páistí chomh hóg le 12 bhliain d'aois ag fulaingt mar gheall ar fhoréigean gnéis agus inscne i nDún na nGall, dar leis an Teachta Dála Neamhspleách Thomas Pringle.
Rinne sé a chuid cainte sa Dáil tráthnóna inné le linn rúin a bhí os comhair na Dála ag páirtí an Lucht Oibre ag iarraidh go dtabharfadh an Rialtas aghaidh ar an ghéarchéim maidir le foréigean gnéis agus inscne atá sa tír.
Dúirt an Teachta Pringle go bhfuil éileamh ollmhór tagtha ar sheirbhísí Ionaid Éigeandála um Éigniú Dhún na nGall agus gur ábhar imní é go bhfuil freastal á dhéanamh ag an Ionad Éigeandála ar pháistí chomh hóg le 12 bhliain d’aois i nDún na nGall mar gheall ar eachtraí foréigin gnéis agus i gcuid mhaith de na cásanna tá an té atá ciontach san ionsaí ar chomhaois leo féin, a dúirt sé.
Luaigh sé Seirbhísí Foréigin Baile Dhún na nGall agus dúirt sé go bhfaigheann siad idir chúig agus sé ghlaoch úr achan tseachtain ó dhaoine atá ag lorg cuidiú agus go bhfuil tacaíocht á cur ar fáil ag an tseirbhís do 100 teaghlach ar an meán achan mhí atá ag fulaingt mar gheall ar fhoréigean baile.
Caithfear aghaidh a thabhairt ar an ghéarchéim maidir le foréigean gnéis agus inscne agus caithfidh muid uilig a bheith freagrach má tá muid dáiríre faoi dhul i ngleic leis an fhadhb, a dúirt an Teachta Pringle.
Drioglann Chroithlí
Tá Drioglann Chroithlí sa chéad 10% de na háiteanna is fearr sa Domhan le cuairt a thabhairt orthu, de réir Tripadviser.
D’éirigh leis an Drioglann an t-aitheantas seo a fháil an tseachtain seo i ndiaidh do chuairteoirí aiseolas agus léirmheas a thabhairt ar a gcuairt agus moladh a thabhairt ar an méid atá le déanamh agus le feiceáil sa Drioglann.
Dúirt Catherine Nic Grianna, Bainisteoir Margaíochta na Drioglainne, gur poiblíocht thar a bheith dearfach atá san aitheantas seo don Drioglann féin agus do bhranda Uisce Beatha Chroithlí.
Dúirt sí go bhfuil sí dóchasach go meallfaidh an gradam seo níos mó turasoirí as Meiriceá.
An Moinsíneoir Kevin Mac Giolla Easpaig
Beidh ceiliúradh Iubhaile Airgid a oirnithe á dhéanamh tráthnóna inniu ar an Moinsíneoir Kevin Mac Giolla Easpaig as Gaoth Dobhair.
Tá an Moinsíneoir Mac Giolla Easpaig ina Shagart Paróiste i nDeoise Chonbhála agus Leice i Leitir Ceanainn agus ina riarthóir ar Dheoise Ráth Bhotha ó d’fhag an tEaspag Alan Mac Eochagáin an Deoise le gabháil chuig Deoise an Dúin agus Conaire.
Chaith an Moinsíneoir Mac Giolla Easpaig seal ina Shagart cúnta i mBaile na Finne agus 9 mbliana sa Róimh ina Mháistir Searmanas don Iar-Phápa Benedict agus don Phápa Proinnsias.
Beidh an tAifreann Ceiliúrtha ar siúl ar 7.00pm tráthnóna inniu in Ard-Eaglais Naomh Adhamhnáin i Leitir Ceanainn.
Gradam Diaspóra
Fógrófar buaiteoir Ghradam Diaspóra Tip O’Neill na bliana seo ag ócáid a bheidh ar siúl i mBun Cranncha inniu.
Beidh an ócáid ar siúl i Moll Nuálaíochta Inis Eoghain ag 12pm.
Cuireadh tús leis an ghradam bhliantúil seo in 2012 le comóradh a dhéanamh ar chéad bhliain bhreith Thomas P Uí Néill, a raibh ról lárnach aige sa phróiseas síochána sna Sé Contae, agus iar-bhall de Theach na nIonadaithe i Meiriceá.
Bronntar an gradam seo ar dhuine de bhunadh na tíre seo a bhfuil éachtaí déanta aige nó aici do phobal na hÉireann thar lear agus sa tír seo chomh maith.
Is togra é seo de chuid Thogra Diaspóra Dhún na nGall faoi chúram Chomhairle Contae Dhún na nGall.
Bród na Gaeltachta
Cuirfear tús leis an fhéile, Bród na Gaeltachta inniu anseo i nGaeltacht Iarthuaisceart Thír Chonaill.
Féile den téama Ionchuimsiú agus Aontú a bheidh ann, le béim láidir ar an phobal LADTAI+ sa Ghaeltacht.
Beidh an fhéile dátheangach ach beidh tús áite i gcónaí ag an Ghaeilge, a deir an lucht eagraithe.
Beidh go leor éagsúlachta ann don phobal, imeachtaí d’achan aois agus inscne, drámaí, ceol, filíocht, léachtaí, ceardlanna, damhsa, taispeántais, scannáin agus go leor eile ar siúil, chomh maith le mórshiúl Dé Sathairn.
Leanfar ar aghaidh le himeachtaí na féile go dtí an Domhnach agus súil ag an lucht eagraithe go dtiocfaidh go leor grúpaí eile ó thaobh amuigh den cheantar go Cloich Chionnaola le bheith ag ceiliúradh leis an phobal áitiúil.