Gardaí
Is ábhar mór imní do bhaill an Gharda Síochána i nDún na nGall, an plean atá ag údaráis na nGardaí, laghdú a dhéanamh ó cheithre cheantar Gardaí go dhá cheantar Gardaí i nDún na nGall.
Faoi láthair tá ceithre cheantar Gardaí ann - Leitir Ceanainn, Bun Cranncha, Baile na nGallóglach agus Béal Átha Seanaidh, ach faoin mhúnla úr, ní bheidh ach dhá cheantar Gardaí ann, Leitir Ceanainn agus Béal Átha Seanaidh.
Deir Gardaí gur ábhar imní an t-ísliú stádais do Stáisiún Gardaí Bhaile na nGallóglach, áit a dtáinig laghdú mór le tamall ar líon na nGardaí atá ar dualgas ansin, agus gur cosúil gur gnáthstáisiún Gardaí a bheas ann feasta faoin mhúnla úr.
Faoin mhúnla úr atá le teacht i bhfeidhm roimh dheireadh na bliana, beidh iarthar Dhún na nGall ar fad, ón Chraoslach go Bealach Féich, á chur san áireamh i gceantar Gardaí Bhéal Átha Seanaidh.
Dúirt Brendan O'Connor, Leas-Uachtarán Chumann Ionadaíochta an Gharda Síochána, atá lonnaithe i nDún Fionnachaidh, gur laghdú ó cheithre cheantar Gardaí go dhá cheantar atá le cur i bhfeidhm faoin phlean úr.
Is ábhar imní an easpa Gardaí atá ar fáil faoi láthair, a dúirt sé, agus tá seans nach mbeidh Gardaí chomh feiceálach sa phobal, faoin phlean úr, a dúirt sé.
Measann sé nach mbeidh seirbhís chomh héifeachtach chéanna á cur ar fáil faoin mhúnla úr agus nach mbeidh an deis chéanna ag Gardaí díriú ar phóilíneacht pobail, mar atá faoi láthair.
Uisce
I dTuarascáil Bhliantúil na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil a foilsíodh inniu deirtear go bhfuil trí cheantar i gContae Dhún na nGall a bhfuil obair fheabhsúcháin le déanamh ar an soláthar uisce le caighdeán an uisce sna ceantair sin a chosaint agus a chaomhnú.
S’iad na ceantair atá i gceist ná na Gleannta/Ard Ratha, Leitir Mhic a Bhaird agus Baile na nGallóglach. Deirtear de réir na tuairisce go bhfuiltear ag súil go mbeidh réiteach ar na deacaireachtaí i gceantracha Leitir Mhic a Bhaird agus na Gleannta/Ard an Rátha níos moille i mbliana ach go mbeidh sé ar a laghad 2026 sula mbeidh réiteach ar na fadhbanna uilig atá leis an soláthar uisce i gceantar Bhaile na nGallóglach.
Cúig cheantar sa chontae anuraidh a fuair fógra an t-uisce a bhruith ar mhaithe le cúrsaí sláinte.
Siad sin Leitir Mhic an Bhaird, Leitir Ceanainn, Carn Domhnach, Creamhghort agus Iarthar Inis Eoghain.
Léirítear sa Tuarascáil go bhfuil próisis ar bun ar an chóras uisce i gCroithlí le cosc a chur ar luaidhe a bheith ag sceitheadh isteach sa chóras.
Pleanáil Teanga
Beidh Oifigigh Pleanála Teanga as Tír Chonaill i láthair ag an ócáid #SEAS24, Seisiún Eolais agus Spreagtha in Óstán Buswells i mBaile Átha Cliath inniu agus ag castáil le Teachtaí Dála agus Seanadóirí faoi cheist na Gaeilge agus Gaeltachta.
Tá an ócáid á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge i gcomhar leis an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga agus beidh plé á dhéanamh inniu ar Bhuiséad 2025, Tithíocht sa Ghaeltacht agus cúrsaí oideachais.
Tá infheistíocht €57m á lorg ag na Grúpaí i mBuiséad 2025 don Ghaeilge agus Gaeltacht
Beidh an ócáid ar siúl ón 8am go dtí 6pm tráthnóna inniu.
Míoca
D’fhreastail suas le 40 duine ar an chruinniú poiblí a bhí ar siúl ar an Chlochán Liath aréir a bhí dírithe ar fhadhb na mbrící lochtacha i gCeantar Bardais na nGleanntach.
Dúirt an Comhairleoir Contae Denis Mac Aoidh, a d’eagraigh cruinniú na hoíche aréir, go raibh siad sásta leis an fhreastal a rinneadh ar an chruinniú idir ionadaithe poiblí agus daoine áitiúla.
Bhí ionadaithe ón Ghrúpa Gníomhaíochta Mica agus Páirtí Cúitimh 100% i láthair le ceisteanna a fhreagairt.
Dúradh ag cruinniú na hoíche aréir go bhfuil eagla agus imní ar go leor uinéirí tí sa Cheantar Bardais nach mbeidh siad in ann a dtithe a chóiriú.
Socraíodh go gcuirfí grúpa úr ar bun le díriú ar fhadhb na mbrící lochtacha i gCeantar Bardais na nGleanntach agus go mbeidh cruinniú poiblí eile á reáchtáil i gceann 6 seachtainí.
Iontaobhas Brian Friel
Tá Teach na Cúirte ar na Gleannta glactha ar lámh ag Iontaobhas Brian Friel.
Síníodh an conradh do Theach na Cúirte an tseachtain seo caite idir Comhairle Contae Dhún na nGall agus an Coiste atá freagrach as Ionad Brian Friel.
Cuireadh tús leis an obair dheisiúcháin ar Theach na Cúirte an tseachtain seo, obair a chosnóidh beagnach €400,000.
Dúirt Denis Conway, Aisteoir ó Amharclann an Gheata agus atá ina bhall den Choiste Forbartha go meastar go gcosnóidh an togra iomlán €5 mhilliún.