Cuardach

Bhíothas i mbun an chuardaigh feadh an lae inné go dtína 1am aréir ar Bhá Bhréanainn agus ar Bhá Thrá Lí, agus fán gcósta ón Sás go Trá Lí do Sebastien Jaworsky, atá ar iarraidh sa cheantar le hos cionn seachtaine.

Fuarthas roinnt earraí sa Pholl Gorm ag Tráigh na Beannaí, a bhaineann le Sebastian Jaworski ó Chorcaigh, nach bhfacthas ó Dé Domhnaigh 23 Meitheamh nuair a bhí sé ag spaisteoireacht ar an gcnoc.

Táthar den dtuairim gur bhain óspairt éigin dó, agus é ar an gcósta lastuaidh de Mhás an Tiompáin, tráthnóna an lae úd.

Tá sé dearbhaithe ag Foireann Tarrthála Sléibhe Chiarraí go bhfuilid éirithe as a bheith páirteach sa chuardach ó dúirt na Gardaí leo nach bhfuil a gcuid seirbhísí ag teastáil don gcéad chéim eile.

Deir na Gardaí go leanfaidh an cuardach inniu agus táid ag iarraidh ar lucht na mara, iascairí agus bádóirí a bheith ag faire don té atá ar iarraidh.

Painéil ghréine

Tá taighde á dhéanamh faoi láthair ag an Dingle Hub, ar scéim a bheadh oiriúnach do ghrúpaí daoine sa phobal, a bheadh ag iarraidh painéil ghréine a fheistiú, nó fearais eile, a laghdódh a mbillí fuinnimh.

Deir Ann Ní Chíobháin, ón Hub, in agallamh d'Adhmhaidin inniu, go bhfuil gach blúire fuinnimh ón ngrian, atá á fháil ag gnónna na leithinise, trí na painéil ghréine atá curtha i bhfearas acu le déanaí, á n-úsáid acu, agus go bhfuil ag éirí go diail le scéim na bpainéal, atá á riaradh ag an Hub.

Bóithre náisiúnta

Deir an Teachta Dála Danny Healy Rae go bhfuil an diabhal á dhéanamh ar phobal tuaithe Chiarraí, ag rialacháin phleanála a bhaineann le bóithre náisiúnta.

Ag labhairt dó sa Dáil le déanaí dúirt Teachta Chill Garbhán go bhfuil os cionn 400km de bhóithre náisiúnta i gCiarraí, agus go bhfuil cead pleanála á dhiúltú scun scan ar gach éinne bheadh a d’iarraidh tigh a tógaint ar na bóithre sin.

Caithfidh daoine bheith in ann tigh a thógaint fén dtuath, san áit inar tógadh iad, a deir an Teachta Dála Danny Healy Rae.

Dréacht-Phlean Forbartha

Tá tuarascáil á cur le chéile ag Comhairle Chontae Chiarraí, fés na haighneachtaí a fuaireadh mar pháirt den gcomhairliúchán poiblí, fén siar is aniar fé Dhréacht-Phlean Forbartha Neidín.

Baineann an scéal seo le criosú a mhol comhairleoirí an cheantair a dhéanamh ar thalamh i gCill Orglan agus i gCathair Saidhbhín, criosú a chuaigh i gcoinne mholtaí an Rialaitheora Pleanála.

Fuaireadh treoir ón Aire Rialtais Áitiúil agus Pleanála an criosú sin a chur ar neamhní, agus cuireadh an treoir sin amach le haghaidh comhairliúchán poiblí ag deireadh na míosa seo caite.

Caithfidh an chomhairle na haighneachtaí a fuaireadh a chur fé bhráid an Rialaitheora, agus déanfaidh an oifig úd moltaí don Aire, a thabharfaidh treoir chríochnaitheach don gComhairle Contae.

Tá Oifig an Rialaitheora Pleanála ar aghaidh na bpiléar i gCiarraí le fada, agus easpa daonlathais á chur ina leith ag comhairleoirí cheantar Neidín ach go háirithe.

Meáin shóisialta

Deir an Feisire Eorpach Cynthia Ní Mhurchú nár cheart d’aon leanbh fé bhun 16 bliana d’aois cuntas a bheith acu ar na meáin shóisialta.

Deir sí go bhfuil sí chun luí amach uirthi féin chun a chinntiú go ndéanann na comhlachtaí móra meán sóisialta níos mó chun leanaí a chosaint ar líne.

Tá leanaí ocht mbliana d’aois in ann cuntaisí a chruthú ar na meáin shóisialta, agus tá cuntas ag 84% de leanaí atá idir 8 agus 12, cé nach bhfuil cead acu, a deir Cynthia Ní Mhurchú.

Músaem Chorca Dhuibhne

Déanfar an oscailt oifigiúil amárach ar thaispeántas atá i Músaem Chorca Dhuibhne le tamall ag Foras na Mara.

Eolaíocht na Mara – Sea Science is teideal don dtaispeántas.

Ina theannta san tá sé i gceist leagan le ceol-rian úr de na físeáin a dhein Benjamin Gault, nó Cadhairtí mar ab fhearr aithne air, i gCorca Dhuibhne agus i gCorcaigh sna 1920í, a thaispeáint sa mhúsaem chomh maith.

Ar a 4pm tráthnóna amárach a sheolfar an taispeántas go hoifigiúil.