Sliabh Liag

Easpa comharthaí bóithre ceann de na heasnaimh is mó atá i gceantar Shliabh Liag, a dúirt Bainisteoir Thogra Shliabh Liag, Máire Ní Chasaide.

Mhol sí an obair atá á déanamh ag Fáilte Éireann agus ag an Chomhairle Contae, ach dúirt sí go bhfuil sé tábhachtach feabhas a chur ar chomharthaíocht go Sliabh Liag.

Thug sí le fios go bhfuil an obair feabhsúcháin agus an cosán atá á thógáil ar Shliabh Liag chóir a bheith réidh.

Tá an obair á déanamh leis an sliabh a chosaint agus a chaomhnú a dúirt sí.

Dúirt sí fosta go bhfuil líon na gcuairteoirí go dtí an ceantar ag méadú agus go bhfuil anailís ar bun ag Fáilte Éireann le feabhas a chur ar eispéireas na gcuairteoirí go dtí an ceantar.

Printíseachtaí

Tá géarghá le forbairt a dhéanamh ar achan ghné de chúrsaí printíseachtaí sa chontae ionas go mbeadh printísigh ábalta fanacht sa chontae le céim a bhaint ina gceird, a dúirt an Teachta Dála Thomas Pringle.

Dúirt an Teachta Pringle sa Dáil an tseachtain seo go gcaithfidh printísigh i nDún na nGall dul go Corcaigh, Dún Dealgan nó go Baile Átha Cliath faoi láthair má táthar le leanstan ag staidéar a gceirde.

Thug an tAire Stáit sa Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais le fios don Teachta Pringle go dtáinig méadú 40% ar na háiseanna atá ar fáil i nDún na nGall le cúrsaí printíseachtaí a chur ar fáil d'fhoghlaimeoirí agus go bhfuil siad ag forbairt cúrsaí tríú leibhéal san innealtóireacht le hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh ó 2025 ar aghaidh.

Príomhoide

Tá Eoghan Ó Gráda as Cathair Dhoire ceaptha ina Phríomhoide ar Ghaelscoil na gCeithre Maistrí i mBaile Dhún na nGall.

Tagann sé i gcomharbacht ar Cholmán Mac Cumhaill a bhí ina Phríomhoide Cúnta ó Mheán Fómhair 2018.

Tá 16 bliana caite ag Eoghan Ó Gráda i mbun múinteoireachta sna 6 chontae agus sa chontae seo, ina measc ina Phríomhoide Cúnta i nGaelscoil Léim a Mhadaidh, Contae Dhoire.

Maidir le Scoil úr na gCeithre Maistrí atá á tógáil faoi láthair, thug ball de Bhord Bainistíochta na scoile le fios go bhfuil siad ag dúil go mbeidh an scoil úr réidh ar an bhliain seo chugainn.

Scoláireacht

Tá sé fógartha ag an chomhlacht Aurivo go mbronnfar an chéad scoláireacht faoi Chlár Tacaíochta do Mhic Léinn an Chraoslaigh ar Ciara Browne as an Chraoslach.

Is dalta Ardteiste í Ciara i bPobalscoil Chloich Cheannfhaola agus tá súil aici staidéar a dhéanamh ar an Diagacht agus na hEalaíona in Ollscoil na hÉireann i Má Nuad.

Cuirfear tacaíocht ar fáil do mhac léinn amháin achan bhliain ó seo go ceann cúig bliana le cuidiú leo tabhairt faoi chúrsaí breisoideachais agus printíseachta agus is fiú €2,000 an scoláireacht.

B’iad fostaithe an chomhlachta, Aurivo a thóg an t-airgead don chlár le tacú le pobal an Chraoslaigh sa bhliain 2022.