Cuardach
Beifear i mbun cuardaigh arís inniu ar Chnoc Bréanainn d'fhear ó Chathair Chorcaí atá dulta ar iarraidh ó thráthnóna Dé Domhnaigh.
Polannach fir ina 40í déanacha is ea é, agus é maol, íseal agus aclaí.
Bhí suas le 20 duine ó Fhoireann Tarrthála Sléibhe Chiarraí agus ó Gharda Cósta an Daingin páirteach sa chuardach inné.
Glaodh aréir ar Gharda Cósta an Daingin go dtí eachtra eile ag Cnoc an Chairn lastuas den nDaingean.
Is amhlaidh gur thit duine ó mhuin capaill agus glaodh ar an tseirbhís otharcharranna.
D’iarr an tseirbhís otharcharranna cúnamh ar an nGarda Cósta chun dul chomh fada leis an nduine leonta.
Iascairí
Táthar ag moladh d’iascairí i gcontaetha Gaeltachta an Deiscirt páirt a ghlacadh i scéimeanna maoinithe nua atá fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bídh agus Mara Charlie Maconalogue, scéimeanna gur fiú €258 milliún iad ar fad.
Tá trí scéim ar leith a chabhróidh le hiascairí cois cósta ach go háirithe, dhá scéim a bhaineas le trealamh iascaigh a cheannach a laghdódh an méid éisc a bheirtear orthu trí thimpist, agus scéim nua V-eangaithe.
Bhíodh ana-éileamh ag iascairí ar an V-eangú, a chabhraíonn leis an stoc gliomach a chaomhnú agus a mhéadú.
Saoráil Faisnéise
Deir an Coimisinéir Faisnéise ina thuarascáil bhliantúil inniu, go mb’éigean dó foláireamh oifigiúil fé mhír 45 den Acht um Shaoráil Faisnéise, a thabhairt do Chomhairle Contae Chorcaí anuraidh, ceithre bhabhta ar fad i gcaitheamh na bliana 2023.
Bhain na cásanna go léir le hiarrataí faisnéise i dtaobh iarratais tithíochta.
Údar díomá is ea é go gcaitheadh foláireamh oifigiúil a thabhairt ceithre bhabhta d’aon eagraíocht amháin, a deir an Coimisinéir, agus d’iarr sé go gcuirfeadh an Chomhairle na hacmhainní agus an traenáil chuí ar fáil le go bhféadfadh siad a ndualgaisí i leith na reachtaíochta a chomhlíonadh.
Meabhairshláinte
Bhí an ráta comhlíonta caighdeán is ísle d’aonaid mheabhairshláinte uile na tíre ag an Aonad Dianchúraim Meabhairshláinte in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh anuraidh, de réir thuarascáil bhliantúil an Choimisiúin Meabhairshláinte a foilsíodh inniu.
Deirtear sa tuarascáil go rabhthas ag cloí le 60% de na rialacháin atá leagtha síos d’aonad meabhairshláinte san Aonad i gCorcaigh.
Ráta 76% a bhí i gceist in Aonad Shliabh Mis in Ospidéal na hOllscoile Ciarraí, agus 80% sa Rannóg Síciatrachta in Ospidéal Phort Láirge.
Níl oiread is leaba meabhairshláinte amháin do leanaí agus déagóirí i gCiarraí ná i bPort Láirge fé láthair, agus 16 leaba i gCorcaigh, de réir an Choimisiún Meabhairshláinte.
Oifigeach Pleanála Teanga
'Sé an lá inniu an spriocdháta do dhá phost atá fógartha ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, agus folúntas don tarna Oifigeach Pleanála Teanga ar cheann acu.
Tá an tarna oifigeach á lorg ag an gcomharchumann agus Evelyn Ní Lúing agus Caitlín Ní Shúilleabháin fágtha anois, beirt a bhí i mbun oifigigh chúnta pleanála.
Déanfar ról amháin díobh seo anois agus an tarna oifigeach pleanála teangan á lorg acu.
Chomh maith leis sin, tá an comharchumann ag lorg Bainisteoir Tograí a bheidh ag teacht i gcomharbacht ar Hannah Ní Chonghaile atá sa ról le nach mór dhá bhliain.
Post lánaimseartha le conradh dhá bhliain a bheidh sa ról seo.
Tá go dtína 5pm tráthnóna ag daoine cur isteach ar an dá phost.
Ionad Mara Beo an Daingin
Tá Ionad Mara Beo an Daingin ag iarraidh ar na bpobal cabhrú leo agus ainm a bhaisteadh ar an ngearrcach piongaine óg atá acu.
Is mian leo ainm a thabhairt do roimis an 1 Iúil agus bronnfar ticéad teaghlaigh saor in aisce ar an té a bhuann.
Is féidir féachaint ar an éinín agus cur isteach ar an gcomórtas ar leathanaigh meán sóisialta Ionad na Mara Beo.