Cruinniú

Tá cruinniú poiblí á eagrú ag an Chomhairleoir Contae Denis Mc Gee ón Pháirtí Cúitimh 100% don Mháirt seo chugainn an dara lá de mhí Iúil ar an Chlochán Liath le heolas a thabhairt d'úinéirí tí ar Scéim Chúitimh na mBrící Lochtacha.

Beidh daoine i láthair a bhfuil taithí agus tuigbheáil acu ar an scéim agus béarfar tacaíocht do dhaoine cur isteach ar an scéim.

Dúirt an Comhairleoir Mc Gee gur mhaith leis eolas a fháil fosta ar líon na ndaoine a bhfuil an fhadhb seo ina gcuid tithe agus chomh forleathan agus atá an fhadhb i mbardas na nGleanntach.

Beidh an cruinniú ar siúl in Ionad Pobail an Chlochán Léith ar Bhóthar an tSeipéil ar a 7 a chlog.

Brící Lochtacha

Tá ceathrar Comhairleoirí Contae ón Pháirtí Cúitimh 100% roghnaithe ar Choiste Brící Lochtacha na Comhairle Contae, chomh maith le triúr Comhairleoirí Contae ó pháirtithe Fhianna Fáil agus Shinn Féin agus ceathrar Comhairleoirí Contae Neamhspleácha.

Ós rud é gur toghadh Comhairleoirí ón Pháirtí Cúitimh 100% ar cheist na mBrící Lochtacha, dúirt Leaschathaoirleach na Comhairle Contae, an Comhairleoir Jimmy Kavanagh, nach raibh ann ach an ceart go mbeadh na Comhairleoirí sin uilig ar an choiste.

Bhí sé socruithe go mbeadh an chéad chruinniú ag an Choiste ar an 22 Iúil ach cheistigh an Comhairleoir Joy Beard an mhoill agus socraíodh an cruinniú a thabhairt chun tosaigh agus é a reáchtáil ar an 8 Iúil.

Socraíodh fosta go leanfar ar aghaidh leis na cruinnithe tithíochta mar a bhí roimh na toghcháin.

Tearmann Asal Dhún na nGall

Tá díomá léirithe ag foireann Thearmann Asal Dhún na nGall faoi iarracht a rinneadh cannaí bailiúcháin airgid a ghoid ón ionad.

Tharla an eachtra i dtrátha 8.30 aréir nuair a d’fhág carr bán fear cóngarach den tearmann agus shúil sé isteach sa charr chlós, áit a ndearna sé iarracht airgead a ghoid.

Rinne an fear bagairt ar bhall foirne Thearmann Asal Dhún na nGall nuair a thug siad aghaidh air sular éalaigh sé ón láthair.

Tá na Gardaí ag fiosrú na heachtra.

Comhairle na nÓg

Ainmníodh an Comhairleor Contae Dakota Nic Mheanman ar Chomhairle na nÓg thar ceann na Comhairle Contae ar na mallaibh.

Dúirt Dakota Nic Mheanman gur onóir di a bheith roghnaithe ar an Chomhairle agus dúirt sí go mbeadh sí ar fáil le tacaíocht agus le heolas a thabhairt do dhaoine óga ar chúrsaí polaitíochta agus mar a oibríonn córas na Comhairle Contae.

Tá an Comhairleor Nic Mheanman cúig bliain is fiche d’aois agus ar an Chomhairleoir is óige sa Chomhairle Contae.

Dúirt sí go bhfuil súil aici níos mó daoine a mhealladh i dtreo na polaitíochta.