Uisce Éireann
Tá cruinniú á lorg go práinneach ag an Chomhairleoir Contae Micheal Cholm Mac Giolla Easpaig le hUisce Éireann le plé a dhéanamh ar na deacaireachtaí leanúnacha, a deir sé, atá leis an soláthar uisce i nGlaise Chú i nGaoth Dobhair.
Bhí príomhphíopa uisce réabtha sa cheantar arís inné agus fágadh tithe agus gnónna gan aon soláthar uisce tráthnóna inné.
Níl sé maith go leor go bhfuil tithe i gceantar Ghlaise Chú agus sna ceantair máguaird fágtha gan uisce ar bhonn leanúnach go háirithe fan am seo bliana agus scoláirí Gaeilge sa cheantar, a dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig.
Dúirt sé cé go bhfáiltíonn sé roimh an obair atá á dhéanamh ag Uisce Éireann sa cheantar go dtí seo go gcaithfear beartais a chur i bhfeidhm le bac a chur ar phíopaí a bheith ag réabadh chomh minic sin agus daoine fágtha gan aon soláthar uisce.
Coláiste Bhríde
Tá coincheap úr idir lámha ag Coláiste Bhríde Rann na Feirste le haghaidh a thabhairt ar an fhadhb atá le ganntanas tithe agus leapacha.
Is é an socrú atá déanta ná go gcuireann roinnt ban tí a bhfuil poist eile acu agus atá ag coinneáil scoláirí Gaeilge, lón ar fáil dona scoláirí, go bhfanann na scoláirí sa Choláiste ar feadh an lae faoi stiúir múinteoirí agus go bhfilleann siad ar na tithe don dinnéar sa tráthnóna.
Dúirt Niall Ó Sluain, Cathaoirleach Choiste Choláiste Bhríde go bhfuil an coincheap seo ag obair go maith agus go bhfuil gach seans ann go ndeanfar é a fhorbairt don bhliain seo chugainn.
Dúirt Niall Ó Sluain go raibh 100 leaba níos lú acu i ndiaidh Covid agus go raibh orthu smaoineamh ar dhóigheanna eile le líon na mban tí a choinneáil.
Cruinnithe
Dúirt an Comhairleor Contae Patrick Mc Gowan gur cheart an pobal a choinneáil ar an eolas faoi go gcaithfear na cruinnithe a bhíonn ag Coiste Bhardas Leifear / Shrath an Urláir a reáchtáil ar líne go fóill.
Dúirt sé go bhfuil na cruinnithe á reáchtáil ar líne le dhá bhliain, siocair líomhaintí bagartha a rinne Comhairleor Contae in éadan baill foirne agus tá treoir tugtha ag ceardchumann na mball na cruinnithe a reáchtáil ar line ar mhaithe le sábháilteacht foirne agus sábháilteacht na mball.
Dúirt sé gurb é Leifear/Srath an Urláir an t-aon bardas a mbíonn na cruinnithe ar líne.
Beidh a gcruinniú chinn bhliana ag Coiste Bhardas De hAoine agus dúirt an Comhairleor Patrick Mc Gowan, in ainneoin gur mhaith leis go mbeadh na cruinnithe ar aon láthair amháin, nach bhfuil rogha ar bith acu ach an cruinniú a reáchtáil ar líne.
Coiste Gaeilge
Tá sé socruithe go dtabharfar cead do Chomhairleoirí Contae i mBardas na nGleanntach a bheith ina mbaill de Choiste Gaeilge Comhairle Contae Dhún na nGall agus Coiste na nOileán más mian leo.
Ós rud é go bhfuil mórchuid d'oileáin an chontae sa bhardas tugtar cead do Chomhairleoirí na nGleanntach a bheith ar an choiste seo chomh maith le ball amháin de Choiste Bhardas Bhaile na nGallóglach.
Maidir le Coiste na Gaeilge, tugtar cuireadh do Chomhairleoirí a bhfuil suim acu sa teanga a bheith ina mbaill don Choiste. Tá an líon is mo Gaeilgeoirí i mBardais na nGleanntach.
Déanfar níos mó plé ar an ábhar ag cruinniú cinn bhliana Choiste Bhardas na nGleanntach Dé hAoine.
Gairmscoil Chú Uladh
Tá eolas faighte ag Bord Bainistíochta Ghairmscoil Chú Uladh i mBéal an Átha Móir go bhfuil cead tugtha ag an Roinn tús a chur leis an síneadh breise atá ceadaithe don scoil.
Tá sé beartaithe seomraí úra a thógáil ina mbeidh seomra úr ceoil, eacnamaíocht bhaile agus Miotalóireacht.
Fuair an Bord scéala ar na moillibh go bhfuil an togra bogtha go dtí an céim thógála ar liosta oifigiúil na Roinne Oideachais.
Tá fáilte mhór curtha ag an Bhord roimh an scéala.