Tithíocht
Tá tríocha teaghlach ar a laghad i gceantar Gaeltachta na nDéise a bhfuil suim léirithe acu sa tithíocht inacmhainne, dar le bainisteoir Chomhlacht Forbartha na nDéise, Cabrini de Barra.
In agallamh don gclár Adhmhaidin inniu, dúirt sí go bhfuil muintir na Gaeltachta ag tnúth go mór go gcífear plean tithíochta nua an Údaráis dos na ceantair Ghaeltachta.
CLÁR
Sa Dáil le deanaí, d'iarr an Teachta Dála Aindrias Ó Muíneacháin ó Chúil Aodha ar an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail Heathar Humphries an próiseas a athrú d’iarratais mhaoinithe ar Scéim na gCeantar Lag Ard-Riachtanais, nó CLÁR mar a ghlaoitear air.
Dar leis, braitheann daoine i gcontaetha móra amhail Corcaigh go bhfuilid fé mhí-bhuntáiste, toisc nach féidir ach cúig iarratas déag a chur isteach ar an scéim i ngach contae, beag beann ar dhaonra an chontae, ná na limistéir CLÁR atá ann.
Á fhreagairt dúirt an tAire Humphries nach bhfuil i gCLÁR ach scéim amháin agus go bhfuil Contae Chorcaí chun cothrom na Féinne á fháil dár léi.
Tobhach
Deir úinéirí na siopaí i gCill Airne a bhfuil bac curtha acu ar chupaí aon-úsáide do chaife agus tae, go bhfuil díomá orthu nach bhfuil an tobhach 20 cent ar chupaí dá leithéid curtha i bhfeidhm fós ag an Rialtas, ainneoin go bhfuil sé ina dhlí le dhá bhliain anuas, agus go raibh geallta ag an rialtas go gcuirfí i bhfeidhm é in dtús na bliana seo caite.
I ráiteas inniu, dúirt siad go raibh tobhach na gcupaí ar cheann de na cúiseanna a spreag breis agus 70 gnó i gCill Airne chun an cosc a chur i bhfeidhm an samhradh seo caite.
Ach deir siad go bhfuil imní orthu anois go bhfágfar fé mhíbhuntáiste iad ó thaobh an chostais de, mura gcuirtear an cháin i bhfeidhm mar a bhí geallta.
Fógraíodh inné go mbain Cill Airne áit amach leis an ndeich mbaile is fearr in Éirinn i suirbhé bliantúil an Chumainn Gnó i gCoinne an Bhruscair.
Tionóisc bhóthair
Maraíodh fear sna fichidí i dtionóisc bhóthair inné ag Cora Bhearcháin, lámh le Droichead na Bandan, nuair a bhuail a ghluaisrothar fé chairt.
Tharla an tionóisc timpeall ar a 11 a chlog ar maidin.
Tugadh corp an fhir a cailleadh go dtí Ospidéal na hOllscoile Corcaigh agus déanfar scrúdú iarbháis air.
Níor gortaíodh aon duine eile san eachtra.
Tá na Gardaí ag iarraidh ar éinne a chonaic an eachtra dul i dteangmháil leo.
Iarrtar leis ar éinne a mbeadh físeáin acu a tógadh sa cheantar timpeall an ama san, dul i dteangmháil leis na Gardaí i nDroichead na Bandan, nó le haon stáisiún Gardaí.
Muintir Turbett
Tá sé ina shamhradh i gceart i gCorca Dhuibhne, agus muintir Turbett tagtha chuig an Daingean ar maidin.
Beidh a gcuid meaisíní siamsaíochta, nó na hurdy-gurdies mar a ghlaoitear orthu, i láthair as seo go dtí deireadh mhí Lúnasa, ina aice leis an gCé.
Tá muintir Turbett ag teacht chuig an Daingean le breis agus 60 bliain, ó 1962.