Tithe

Tháinig ardú 4% ar an luach atá ar theach cónaithe i nDún na nGall sa dara ráithe de 2024 i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh, sin dé réir tuairisce ó daft.ie inniu.


€227,504 an meánchostas atá ar theach cónaithe sa chontae faoi láthair, ardú 11% le bliain anuas.

Tine

Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála mall aréir chuig tine a tharla i dteach i gceantar Bhaile na Finne.

Bhí aonaid den bhriogáid dóiteáin as na Gleannta agus an Clochán Liath chomh maith le Gardaí áitiúla ar an láthair.

Tuigtear gur teach a bhí á athchóiriú a bhí i gceist agus rinneadh damáiste do dhíon an tí agus miondamáiste don fhoirgneamh féin.

Níor gortaíodh duine ar bith san eachtra.

Dúirt na Gardaí go mbeidh scrúdaithe le déanamh ar an láthair anois le cúis na tine a aimsiú.

Railí

Dúirt Gardaí an Chontae go bhfuil siad thar a bheith sásta le mar a d'éirigh le Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall a bhí ar siúl sa Chontae ag an deireadh seachtaine agus ghabh siad buíochas le lucht leanta an railí as a dtacaíocht agus a gcomhoibriú le linn an deireadh seachtaine.

Bhí feachtas sábháilteachta i bhfeidhm ag Gardaí an Chontae le roinnt laethanta anuas le sábháilteacht na dtiománaithe agus an lucht féachána a chinntiú agus bhí siad ag obair i gcomhair le Seirbhísí Póilíneachta Thuaisceart Éireann chomh maith.

Dúirt Gardaí in ainneoin gur chloígh formhór na ndaoine a d’fhreastail ar an railí leis na rialacha bóthair gur tharla roinnt eachtraí le linn an deireadh seachtaine áit ar gabhadh roinnt tiománaithe as a bheith ag tiomáint faoi thionchar an óil agus as a bheith ag tiomáint go contúirteach.

Ghlac Gardaí seilbh ar roinnt feithiclí le linn an deireadh seachtaine chomh maith.

Bruscar

De réir na tuarascála is deireanaí ó IBAL, Gnóthaí Éireannacha i gCoinne Bruscair, dírithe ar an chéad trí mhí den bhliain, go bhfuil fadhb le cúrsaí bruscar i mBaile Bhun Cranncha.

Tá Bun Crannach san 27ú háit as 40 baile mór a ndearnadh cigireacht air i dtuarascáil IBAL a foilsíodh inniu.

Rinne IBAL cigireacht ar dheich gceantar sa bhaile.

Fuair ceithre cheantar Grád A maidir le glaineacht, sin iad Bealach Isteach an Mhuilinn, Bealach Mhagh, an láthair ag Siopa Aldi ina bhfuil an scéim éarlaise agus aisíoca agus Scoil Naomh Mura i mBun Cranncha. Rinneadh tagairt don fhadhb a bhí le salachar madraí i gceantracha áirithe ar an bhaile chomh maith.

Dúradh go raibh an baile glan de réir caighdeáin Eorpacha sa tsuirbhé a rinneadh i 2021.

Bus Éireann

Tá an tseirbhís bus atá a reáchtáil ag Bus Éireann, seirbhís bus uimhir 64 ó Leitir Ceanainn go Gaillimh in ann freastal anois ar dhaoine atá i gcathaoir rothaí, ón tseachtain seo ar aghaidh.

Lena chois sin tá sé tugtha le fios ag Bus Éireann go bhfuil an láthair bus i mBéal Átha Seannaidh agus i Sligeach fóirsteanach do lucht úsáide cathaoireach rothaí.

Bhí go leor gearán a bhfáil ag ionadaithe poiblí sa Chontae ó bhaill den phobail le tamall fada ag maíomh nach raibh an freastal cheart á dhéanamh ag Bus Éireann ar dhaoine i gcathaoir rothaí.

Dúradh go gcaithfear scairt a chur ar Oifig Bhus Éireann dhá lá roimh ré le suíochán a chur in áirithe ar sheirbhís Bus uimhir 64.

Anthony Molloy

Roghnaíodh an Comhairleor Contae Anthony Molloy Fhianna Fail ar Choiste Chomhar na nOileán thar ceann Chomhairle Contae Dhún na nGall ag cruinniú cinn bhliana na Comhairle De hAoine agus is é an Comhairleor Molloy ionadaí na Comhairle ar Bhord Údarás na Gaeltachta chomh maith.

Rinne an Comhairleoir Contae Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig achainí ag an chruinniú agus dúirt sé gur mhaith leis féin a bheith mar bhall de Choiste Chomhar na nOileán agus ar Bhord Údarás na Gaeltachta mar gheall ar an cheangal agus an ghrá atá aige d'oileáin an Chontae agus don teanga.

Dúirt sé go bhfuil na hOileáin fíorthábhachtach dona chroí agus go gcaitheann sé cuid mhór ama ar na hOileáin agus go dtuigeann sé go maith éilimh mhuintir na nOileán.

Cuireadh an dá ainm chun vóta agus d’eirigh leis an Chomhairleoir Molloy.

Traenáil

Tá sé socruithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall traenáil a chur ar fail dona Comhairleoirí Contae úra.

10 gComhairleoir Contae úra a toghadh chuig an Chomhairle agus dúirt Patsy Lafferty, Stiurthóir Tithíochta na Comhairle go mbeidh Clár Oiliúna Ionduchtaithe á eagrú dona Comhairleoirí úra.

Dúirt sé go gcuirfear an traenáil ar fáil ar líne nó ar an láthair agus go mbeidh siad ar siúl lá amháin sa tseachtain ar feadh 6 seachtainí.

Dúirt sé go gcuirfear tús leis an chéad chúrsa traenála taobh istigh de sheachtain.