Dorn san Aer

Tá sé fógartha go mbeidh féile úr, Dorn san Aer, in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí, iarchraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta ar siúl i nGaoth Dobhair idir an 27ú agus 29ú lá de Mheán Fómhair na bliana seo, bliain i ndiaidh a bháis.

Beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl le linn na féile idir imeachtaí ceoil, cainte agus teaghlaigh agus beidh ar a laghad 20 banna ceoil páirteach ann, ina measc bannaí aitheanta ar nós Bréag, Grooveline agus Boss Sound Manifesto, ceoltóirí áitiúla agus go leor eile.

Dúirt coiste eagraithe na féile go mbeidh comórtas Cath na mBannaí mar chuid lárnach den fhéile fosta agus go mbronnfar duais ollmhór ar an bhanna nó ar an cheoltóir úr is fearr.

Beidh na ceolchoirmeacha agus na himeachtaí ar siúl in ionaid éagsúla ar fud pharóiste Ghaoth Dobhair.

Thig ticéid don fhéile a fháil ar an suíomh idirlíon www.dornsanaer.ie

Comhairle Contae

Beidh a gcéad chruinniú ag Comhairle Contae úr Dhún na nGall inniu.

37 suíochán ar fad atá sa Chomhairle Contae.

10 suíochán an páirtí ag Sinn Féin agus ag Fianna Fáil, 4 shuíochán ag an Pháirtí Cúitimh 100%, 3 shuíochán ag Fine Gael , suíochán amháin ag Páirtí an Lucht Oibre agus 9 suíochán ag Comhairleoirí Neamhspleácha.

Meastar go roghnófar Cathaoirleach agus Leaschathaoirleach ag an chruinniú inniu agus go gcuirfear an cruinniú ansin ar athló go dtí Dé Máirt.

Déanfaidh deichniúr Comhairleoirí Contae úra freastal ar a gcéad chruinniú den Chomhairle inniu.

Gardaí

Beidh tuairim is 150 Garda agus Aonaid éagsúla na nGardaí ar dualgas le linn an deireadh seachtaine.

Dúirt an Garda Breandan Mac Artáin ó Staisiún Gardaí Leitir Ceanainn go mbeidh bóithre éagsúla druidte agus ionaid seiceála breise ar fud na Contae, go háirithe fá cheantar Leitir Ceanainn, áit a bhfuil lárionad an Railí.

Dúirt sé go mbeidh suí speisialta cúirte thar an deireadh seachtaine fosta más gá.

Railí

Cuirfear tús le Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall inniu.

Táthar ag dréim leis na mílte daoine a thabharfaidh cuairt ar an chontae an deireadh seachtaine seo le linn don railí a bheith ar siúl.

Beidh an railí ag toiseacht ar 9.45 maidin inniu ag Cionn Mhálanna in Inis Eoghain agus beidh 12 stad ar fad ar fud na leathinse.

Amárach, beidh 16 stad sa railí agus beidh a dtriall ar cheantar Chnoc Colbha agus Loch Caol, Dé Domhnaigh is i gceantar Ghartáin agus Fhánada a bheidh an railí agus 12 stad eile ansin.

Ba iad Callum Devine agus Noel O'Sullivan a bhain railí na bliana anuraidh agus beidh siad san iomaíocht arís i mbliana.