Oibrithe Sláinte
Tá Dochtúirí Teaghlaigh i nDún na nGall ar aon intinn leis an Teachta Dála Thomas Pringle gur cheart don Rialtas achan tacaíocht agus treoir a thabhairt d'oibrithe sláinte as tíortha thar lear ar mhaith leo post a aimsiú sa tír seo.
Dúirt an Teachta Pringle go mbíonn deachrachtaí ag go leor de na hoibrithe seo víosaí a aimsiú le hoibriú sa tír, rud atá ag cruthú fadhbanna in Otharlann Leitir Ceanainn.
Dúirt an Dr Ciarán Ó Fearraigh go bhfuil an córas sláinte ag brath go mór ar na hoibrithe seo agus go bhfuil siad lárnach in Otharlann Leitir Ceanainn.
Dúirt sé go bhfuil go leor folúntas san Otharlann agus go bhfuil sé tábhachtach achan chuidiú a thabhairt leis na daoine seo a mhealladh chuig Dún na nGall.
Now Doc
Tá imní léirithe faoina bhfuil i ndán do sheirbhísí dochtúra NowDoc i réigiún an Iarthuaiscirt, a dúirt an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.
Dúirt sé go bhfuil go leor comhráití ar siúl faoi láthair idir ceardchumainn agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maidir le hathruithe a dhéanamh ar mhodh oibre na seirbhíse.
Deir an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig gur ábhar mór imní é go bhfuil príobháidiú le déanamh ar an fhoireann riaracháin, tiománaithe agus altraí, agus nach mbeidh an córas chomh héifeachtach céanna feasta.
Dúirt sé fosta go bhfuil imní ann faoi mholadh go mbeadh ionad glaonna lárnach ag an tseirbhís in áit é a bheith i Leitir Ceanainn, mar atá.
Tithe
Dhiúltaigh an Bord Pleanála cead a thabhairt do mhórfhorbairt tithíochta i Leitir Ceanainn mar gheall ar chúrsaí tráchta agus timpeallachta.
Bhí cead pleanála á lorg ag Comhlacht Conraitheoirí Tógála PJ Mc Dermott 188 aonad a thógáil ag Gleann Chartha Leitir Ceanainn -160 teach agus 28 árasán.
Tá an fhorbairt seo mar pháirt d’fhorbairt tithíochta eile, ina bhfuil iarratas déanta le 90 aonad tithíochta a thógáil.
Tá an t-iarratas sin os comhair an Bhoird Pleanála faoi láthair.
Chuir cumainn chónaitheoirí sa cheantar in éadan an cheada pleanála agus dúirt siad go gcruthódh sé cuid mhór deacrachtaí tráchta i gceantar Ghleann Chartha.
D’aontaigh an Bord Pleanála leis na cónaitheoirí agus dúradh fosta go gcuirfeadh an fhorbairt isteach ar chúrsaí timpeallachta.
Scoil
Dhéanfar an foirgneamh breise ag Scoil Náisiúnta Ghleann Mhic Coinn, á oscailt go hoifigiúil inniu.
Tá an scoil lonnaithe 5 mhíle taobh amuigh de Leitir Ceanainn agus is faoi chúram na hEaglaise Preispitéirí atá sí.
Cuireadh seomra ranga breise leis an scoil ina bhfuil 27 dalta, ochtar as an Úcráin ina measc.
Thug Uachtarán na hÉireann Michael D. Higgins cuairt ar an scoil sa bhliain 2016 ag ócáid cheiliúrtha 150 bliain a bunaithe.