An Craoslach

Tá an cinneadh i dtaca leis an chéad pleanála atá á lorg ag comhlacht Vivo Shell Teoranta le hionad tráchtála a thógáil ar shuíomh thragóid an Chraoslaigh curtha siar.

Ba inniu an dáta a bhí luaite leis an chinneadh.

Tuigtear go bhfuil Comhairle Contae Dhún na nGall ag lorg tuilleadh eolais ón chomhlacht sula ndéanfar cinneadh faoin chéad pleanála.

Fuair Comhairle Chontae Dhún na nGall seacht n-aighneacht is fiche ón phobal ag cur in éadan an chead pleanála.

Bhí cuid de theaghlaigh na ndaoine a maraíodh sa tragóid ina measc siúd a chur ina choinne.

Tá Vivo Shell Teoranta ag iarraidh cead pleanála le siopa, oifig poist, deilí, eischeadúnas, ionad storála, leithris, áiseana do bhreosla, áit storála do thancanna agus do chaidéil chomh maith le spás do ghairdín cuimhneacháin a thógáil.

Toghcháin

Cuireadh Seanadóir Fhianna Fáil Niall Blaney as an áireamh aréir i ndiaidh an séú chuntas déag i dToghcheantar Lár Tíre agus an Iarthuaiscirt sna Toghcháin Eorpacha.

Cuireadh an dara iarrthóir as Dún na nGall, Peter Casey, as an áireamh ní ba luaithe sa lá.

Táthar den tuairim go dtoghfar Luke Ming Flanagan, Nina Carberry, Maria Walsh agus Barry Cowen.

Meastar go mbainfidh Ciarán Mullooly an suíochán deireanach agus 18,000 vóta idir é agus Michelle Gildernew Shinn Féin.

Táthar ag dréim gur anocht a bheas an cuntas deireanach i dToghcheantar Lár Tíre agus an Iarthuaiscirt.

Zeus

Tá fógra scoir shealadaigh tugtha do suas le 200 oibrí i Zeus, an comhlacht déantúsaíochta leighis atá lonnaithe i Leitir Ceanainn.

Tá sé tugtha le fios go bhfuil an comhlacht le druid ar feadh seachtaine i mí Iúil agus arís i mí Lúnasa.

Déanann an comhlacht táirgí nuálaíocha do sheirbhísí leighis agus táirgí san earnáil aeraspáis agus fuinnimh.

Iascaireacht

Tá Cumann Iascairí na gCealla Beaga i measc cúig chomhlacht próiseála éisc agus sliogéisc atá tagtha le chéile le hathruithe a lorg ag leibhéal náisiúnta agus Eorpach le borradh a chur faoi earnáil na hiascaireachta.

Dúirt Dominic Rihan, Príomhfheidhmeannach Chumann Iascairí na gCealla Beaga, gur seo an chéad chéim ó thaobh cur chuige aontaithe i measc na n-eagraíochtaí le haird a tharraingt ar na dúshláin atá le sárú sa tionscal.

Dúirt Rihan go bhfuil súil ag na heagraíochtaí oibriú le chéile leis an earnáil agus le pobail ar an chósta a chosaint.

Gaeilge sa Chomhairle Contae

D'fháiltigh Seán Ó Daimhín, Oifigeach Seirbhísí Gaeilge i gComhairle Contae Dhún na nGall, roimh an ardú ar líon na gcainteoirí Gaeilge a bheas ina mbaill den Chomhairle Contae don tréimhse reatha úr.

As na 37 comhairleoirí nua-thofa, tá Gaeilge ag deichniúr acu.

Tá ceathrar comhairleoirí a bhfuil Gaeilge acu sna Gleanntaí, duine i Leitir Ceanainn, beirt i Leifear/Srath an Urláir agus triúr comhairleoirí a bhfuil Gaeilge acu i gceantar Inis Eoghain.

Dúirt Seán Ó Daimhín go bhfuil méadú mór ar an éileamh do sheirbhísí ateangaireachta na Comhairle le blianta anuas.

Beidh an chéad chruinniú ag na Comhairleoirí úra Dé Aoine seo chugainn, an t-aonú lá is fiche de mhí Meithimh agus beidh seirbhísí ateangaireachta curtha ar fáil.

Dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach tacaíocht a thabhairt do na hOifigigh Pleanála Teanga sa chontae le borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge sa chontae.