Brící lochtachta
Tá sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConologue go bhfuil deontais ó Údaras Fuinnimh Inmharthana na hÉireann ceadaithe ag an rialtas le tacú le húinéirí tí atá buailte mar gheall ar ghéarchéim na mbrící lochtacha.
Dúirt an tAire McConologue go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh fáil ag úinéirí tí atá i Scéim na mBrící Lochtacha ar an deontas seo le tacú leo uasghrádú a dhéanamh ar chúrsaí teasa agus inslithe sna tithe.
Dúirt sé go rachaidh na deontais seo chun sochair daofa sin a bhfuil obair curtha i gcrích acu cheana féin ar a gcuid tithe, iad siúd atá i mbun tógála san am i láthair agus tá súil aige nach mbeidh sé i bhfad go mbeidh an próiseas iarratais oscailte daofa sin a bheidh ag dul i mbun tógála amach anseo.
Comhaireamh vótaí
De réir abhcóide sinsearach an iarchomhairleora Johnny McGuinness, tá cás láidir ann go ndearna Comhairle Contae Dhún na nGall botún le linn an chuntais i gCarn Domhnach oíche Dé Domhnaigh.
Rinne an páirtí Fine Gael i gCarn Domhnach gearán oifigiúil eile leis an Chomhairle Contae le linn an chuntais agus arís ar an Luain.
Dúirt Johnny McGuinness nach bhfuair sé cothrom na Féinne i ndiaidh cuntas a 5 mar gur cuireadh beirt iarrthóirí as an áireamh, Toni Devine Sinn Fein agus Paul Barry Mc Kinney, Neamhspleach, in áit iarrthóir amháin agus dúirt sé go mbeadh difir ábhartha aige seo ar thoradh cuntais a 6.
Lorg lucht tacaíochta McGuinness comhairle ón Seanadóir Barry Ward atá ina urlabhraí dlí don Seanad, a dúirt chomh maith go raibh fasach ann do chás eile, a bhí mar a gcéanna, sna blianta roimhe seo.
Toghadh Martin Farren, ó Pháirtí an Lucht Oibre ar an chuntas deireanach, an 7ú cuntas, i gCarn Domhnach, rud a chiall gur chaill an comhairleoir Johnny McGuinness, Fine Gael, a shuíochán.
Coimisinéirí Ioncaim
Bhí comhlacht as Dún na nGall i measc aon chomhlacht déag a rinne socrú cánach leis na Coimisinéirí Ioncaim sa chéad ráithe den bhliain seo, de réir an eagráin is deireanaí den Iris Oifigiúil.
Rinne an comhlacht scafalra DOE socrú leath mhilliún euro a íoc leis na Coimisinéirí ioncam, an ceathrú íocaíocht is mó sa tréimhse seo.
Bunaíodh an comhlacht scafalfra in 2019 le seoladh ar an Chnoc Bhreac, Leitir Ceanainn agus rinneadh an socrú cánach siocair gur theip orthu an méid ceart cánach a íoc.
Rinneadh socraithe ar fiú €4 mhilliún ina iomláine iad ar fud na tíre sa chéad trí mhí den bhliain.
Oifig an Ombudsman
134 gearán as Dún na nGall a fuair Oifig an Ombudsman anuraidh faoi rannóga éagsúla den tseirbhís phoiblí de réir na tuarascála bliantúla a foilsíodh inniu.
4,465 gearán a rinneadh leis an Ombudsman ar fud na tíre in 2023.
Ar an iomlán tháinig laghdú ar líon na ngearán a rinneadh go náisiúnta i gcomparáid le 2022 nuair a rinneadh 4,791 gearán agus bhain an méid is mó gearáin leis na húdaráis áitiúla.
Sláinte na bhFear
Beidh fir Dhún na nGall a bhfuil cáil orthu ó thaobh spóirt de, ag glacadh páirt in ócáid atá á reáchtáil i Leitir Ceanainn inniu le haird a tharraingt ar Shláinte na bhFear.
I measc na n-aíonna a bheidh páirteach beidh Bainisteoir Fhoireann Peile Dhún na nGall Jim McGuinness, iar-imreoirí contae Michael Murphy, tiománaithe railí Declan Boyle agus Rory Kennedy agus an dornálaí Jason Quigley.
Beidh dochtúirí agus foirne sláinte i láthair le tástála sláinte a dhéanamh ar an lá agus beidh cainteanna, imeachtaí agus taispeántais spóirt eile ar siúl chomh maith le heolas a scaipeadh ar fhir ar an tábhacht atá le tástalacha sláinte a dhéanamh.
Tá an ócáid á eagrú mar pháirt de Sheachtain Shláinte na bhFear agus beidh sé ar siúl ag Ionad Pobail Leitir Ceanainn ó mheán lae go dtí a 3 a chlog inniu.
R261
Tá sé tugtha le fios ag Comhairle Contae Dhún na nGall go mbeidh bealach an R261 idir Ard an Rátha agus An Fhearthainn/Port Nua, druidte ó 9:00am go 6.00pm, inniu, Dé Céadaoin an 12 agus arís Déardaoin an 13 Meitheamh mar gheall ar obair riachtanach, ach go n-osclófar an bealach achan tráthnóna.
Cuirfear trácht ar mhalairt slí le linn na hoibre.