Scrúduithe Stáit ag tosú.

Tá chóir a bheith 5,000 scoláire meánscoile i gcontae Dhún na nGall ag cur tús le scrúduithe stáit inniu.

2,610 scoláire atá ag tabhairt faoin Teastas Sóisearach i nDún na nGall, agus 1,961 scoláire atá ag tabhairt faoi scrúduithe na hArdteiste, agus tá 216 scoláire ag déanamh na hArdteiste Feidhmí sa chontae.

Dúirt Seán Mac Pháidín, Príomhoide Choláiste Ghleann na Finne, i Srath an Urláir, go bhfuil sé tábhachtach go dtuigfidh daltaí gur gnáthrud é go mbeadh brú orthu agus iad i mbun scrúduithe.

Dúirt sé fosta nach gá imní a bheith orthu mar go bhfuil deiseanna go leor ar fáil i ndiaidh na scrúduithe d'achan scoláire.

Droichead druidte

Tá an droichead idir Mín na Craoibhe agus Mín an Leá i gceantar Ghort an Choirce druidte do thrácht ó bhí an Domhnach ann mar gheall ar imní faoi shábháilteacht an droichid.

Rinne fearthainn throm a thit sa cheantar coicís ó shin damáiste don droichead agus bhí imní ar mhuintir an cheantair an droichead a úsáid agus chuir siad an méid sin in iúl do Chomhairle Contae Dhún na nGall.

Seo an príomhbhealach a bhíonn in úsáid ag teaghlaigh an cheantair le dul chomh fada le Scoil Chaiseal na gCorr agus ag muintir na háite le dul go Gort an Choirce ach tá orthu dul cor bealaigh anois suas go Dún Lúiche go mbeidh an droichead oscailte arís.

Maoiniú REACH

Tá maoiniú de €5 mhilliún fógartha ag an Aire Ardoideachais agus Breisoideachais, Oiliúna agus Fostaíochta, Patrick O’Donovan, do 700 grúpa a bhíonn ag plé leis an oideachas pobail faoin chiste REACH.

Tá €218,642 ceadaithe ag SOLAS do Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall agus déanfaidh an Bord an t-airgead a dháileadh ar na grúpaí ábhartha sa chontae.

Tacaíonn an ciste REACH le Boird Oideachais agus Oiliúna freastal ar fhoghlaimeoirí faoi mhíbhuntáiste agus dúirt an tAire O’Donovan go bhfuil an scéim ag dul ó neart go neart le 4 bliana anuas agus go bhfuil súil aige dea-thoradh an mhaoinithe a fheiceáil arís i mbliana.

Laghdú ar charranna leictreacha

Tháinig laghdú ar líon na gcarranna úra leictreacha a cláraíodh i nDún na nGall go dtí seo i mbliana.

Tháinig laghdú 29% ar na carranna úra leictreacha a cláraíodh sa chontae idir Eanáir agus Bealtaine, nuair a cláraíodh 129 carr úr leictreacha.

Ag an am céanna, tháinig méadú ar na carranna peitril agus díosail a cláraíodh sa chontae.

Bhí méadú 10% ar na carranna úra peitril agus méadú 24% ar na carranna úra díosail.

Rinneadh 1,699 carr úr nua a chlárú sa chontae idir Eanáir agus Bealtaine, méadú 8% le bliain.

B’iad carranna den déanamh Toyota, Kia agus Skoda a ba mhó a cláraíodh sa chontae ó thús na bliana seo.

Bladhaire

Tá an clár Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i measc sé chlár atá san iomaíocht do Ghradam Siamsaíochta ag Féile na Meán Ceilteach sa Bhreatain Bheag, agus a fhógrófar tráthnóna inniu.

Fuair clár ómóis a chraol Bladhaire, in ómós don iar-chraoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí, ainmniúchán i rannóg na siamsaíochta ag Féile na Meán Ceilteach.

Ba é Damien Ó Dónaill a léirigh an clár speisialta seo agus ba í Áine Ní Bhreisleáin a láithrigh an clár.

Fógrófar an buaiteoir idir 5.30 agus 6.15 tráthnóna inniu.