No Barriers

Tá maoiniú de thart ar €3 milliún ceadaithe d'Fhondúireacht No Barriers ag Barr an tSléibhe i Leitir Ceanainn leis an chéad scéim néareolaíochta péidiatraí sa tír a sholáthar agus cur leis na seirbhísí agus tacaíochtaí a chuireann siad ar fáil do dhaoine óga atá faoi mhíchumas faoin Chiste Deontais do Sheirbhísí do Pháistí atá faoi mhíchumas.

Dúirt an tAire Stáit a bhfuil freagracht uirthi as Míchumas, Anne Rabbitte, a thug cuairt ar Fhondúireacht No Barriers inné go dtuigeann sí an brú atá ar theaghlaigh agus iad ag fanacht ar sheirbhísí agus go bhfuil súil aici go cuideoidh an maoiniú leis na teaghlaigh sin agus mhol sí No Barriers as an obair atá á déanamh acu.

Ceadaíodh maoiniú €210,000 don eagraíocht Spraoi agus Spórt i gCarn Domhnach agus €34,000 d’Ionad Ghleann na Finne faoin chiste inné chomh maith.

Damáiste do láthair phicnic.

Tá sé tugtha le fios ag Grúpa Forbartha na Dúchoradh go dtángthas ar na daoine a bhí ciontach as an damáiste a rinneadh ag an láthair picnicí sa cheantar.

Rinneadh damáiste mhór don láthair piciní sa Dúchoraidh ag deireadh mhí na Bealtaine agus chuir muintir an cheantair a míshástacht in iúl dá bharr.

Ghabh siad buíochas leis an phobal agus leis na Gardaí as a gcomhoibriú agus a dtacaíocht ó tharla an eachtra.

Maoiniú do thograí do mhná

Tá maoiniú thar €40,000 fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys do ghrúpaí a dhéanann freastal ar mhná i nDún na nGall faoin Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2024.

I measc na dtograí a luadh san fhógra, ceadaíodh €3,000 do Chumann Pheil na mBan Dhún na nGall, Cumann Pheil na mBan Ard an Rátha agus Mná Eascarrach ar an Fhál Carrach le cois €1,000 do Scioból na mBan i nGaoth Dobhair.

Dúirt an tAire Humphreys go bhfuil na grúpaí seo ag déanamh obair mhór ina gcuid pobail féin, ag freastal ar mhná idir óg agus aosta agus ag cur imeachtaí, tacaíochtaí agus seirbhísí éagsúla ar fáil daofa.

Coláiste Ghleann na Finne

Tá maoiniú €3.5m ceadaithe do Choláiste Ghleann na Finne i Srath an Urláir, le síneadh breise a chur le foirgneamh na scoile.

Tá 450 dalta agus 44 múinteoir i gColáiste Ghleann na Finne faoi láthair.

Dúirt Príomhoide na scoile, Seán Mac Pháidín, go dtabharfaidh an síneadh breise deis daofa na daltaí atá lonnaithe i lár an bhaile agus atá ag déanamh an chúrsa iar-Ardteistimeireachta a athlonnú ar ais i bpríomhfhoirgneamh na scoile.

Dúirt sé fosta go mbeidh 6 sheomra ranga breise á dtógáil agus 3 Aonad Speisialta do dhaltaí a bhfuil uathachas orthu.

Cuirfear tús leis an obair ar an síniú breise ar an mhí seo chugainn.

Droichead an Churraoin

D’fhiafraigh an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh don Aire Iompair Eamon Ryan le gairid, an bhfuil sé beartaithe Droichead an Churraoin ar bhealach an R250 idir Baile na Finne agus na Gleanntaí a leathnú.

Dúirt an tAire Iompair gur faoi achan údarás áitiúil atá sé bóithre réigiúnacha agus áitiúla a chóiriú agus a chothabháil agus go gcuireann an Roinn Iompair maoiniú ar fáil do chláir ar leith cosúil leis an Chlár Athshlánaithe Droichead.

Níl iarratas ar bith déanta ag Comhairle Contae Dhún na nGall i dtaca le Droichead an Churraoin faoin chlár seo, a dúirt an tAire.

Forbairt Dhún Lúiche

Tá duais contae €1,000 bainte ag Forbairt Dhún Lúiche sa rannóg pobail i gComórtas an Chrannchuir Náisiúnta do Chúiseanna Maithe.

Tá siad fríd anois go dtí na babhtaí náisiúnta den chomórtas, áit a mbeidh duaischiste €135,000 san iomlán le baint.