Bun Cranncha
Tá ceist na mbrící lochtacha á lua go mór le hiarrthóirí i dtoghchán na Comhairle Contae i gCeantar Bardasach Bhun Cranncha.
Tá bean atá buailte go mór leis na brící lochtacha mar iarrthóir ag Páirtí Cúiteamh 100%.
Is as Léim an Mhadaidh do Joy Beard, agus tá cónaí uirthi féin agus a fear céile James i mBun Cranncha agus tá teach acu atá buailte go holc le brící lochtacha.
Deir sí go bhfuil imní ollmhór ar a teaghlach faoin riocht ina bhfuil an teach agus an oiread poill agus scoilteanna atá sa teach, agus deir sí go bhfuil siad iontach imníoch faoin riocht ina bhfuil a dtithe cónaithe, agus an mhoill maoiniú mar is ceart a cheadú daofa lena dtithe a thógáil go húr.
I measc na gceisteanna móra eile atá ag cur isteach ar phobal cheantar bardasach Bhun Cranncha, atá tuillte agus an mhoill scéimeanna faoisimh tuillte a chur i bhfeidhm, cúrsaí bóithre agus an easpa infheistíochta i mbóithre sa cheantar, sábháilteacht bóthair, cúrsaí inimirce agus easpa seirbhísí sláinte a bheith ar fáil sa cheantar.
CLÁR
Tá luach €2.5m de mhaoiniú faighte ag scéimeanna faoi na Ceantair Laga Ard Riachtanais i nDún na nGall idir 2020 agus 2023, de réir an eolais atá curtha ar fáil ag an Aire Heather Humphreys.
Íocadh €339,000 de mhaoiniú do thograí sa chontae faoi scéim CLÁR i 2020, €383,000 i 2021, íocadh €943,000 de mhaoiniú faoin scéim sa chontae i 2022 agus anuraidh íocadh €882,000 do scéimeanna sa chontae faoin scéim.
Cé go bhfuil an mhórchuid de Dhún na nGall san áireamh faoi scéim CLÁR, tá go leor gearán le roinnt blianta go bhfuil cuid mhaith d'Inis Eoghain nach bhfuil san áireamh faoin scéim seo.
Carn Domhnach
Tá fadhb le brící lochtacha ar fud Cheantar Bardasach Charn Domhnach, ach is i dtuaisceart an cheantair is mó atá an fhadhb seo.
I measc na gceisteanna eile atá á lua i gCeantar Bardasach Charn Domhnach, tá easpa infheistíochta ón Rialtas, staid na mbóithre, easpa cosáin siúil agus tá ceist na hinimirce á lua leis na hiarrthóirí agus iad ag stocaireacht agus iad ar thóir vótaí.
Beidh naoi n-iomaitheoir sa rása i gCeantar Bardasach Charn Domhnach, áit a bhfuil ceithre shuíochán.
B’ochtar a bhí san iomaíocht i 2019.
Faoi láthair tá suíochán amháin ag Fine Gael, Johnny McGuinness - suíochán a fuair a athair, Bernard McGuinness, agus a fuair bás go tobann i mí Lúnasa 2021 - tá suíochán ag Fianna Fáil, Martin McDermott, suíochán ag Sinn Féin, Albert Doherty agus tá suíochán ag an Lucht Oibre, Martin Farren.
Bhí beirt iarrthóirí ag Fianna Fáil anseo an uair dheireanach, áit a raibh 43% den vóta ag an pháirtí, ach is é an Comhairleoir Martin McDermott an t-aon iarrthóir a bheidh ag Fianna Fáil sa Cheantar Bardasach.
Is anseo i gCarn Domhnach atá an t-aon Chomhairleoir Contae de chuid an Lucht Oibre i nDún na nGall, An Comhairleoir Martin Farren.
Ba 15% den vóta a bhí ag Sinn Féin anseo i 2019, ach tá beirt iarrthóirí á gcur chun tosaigh acusan anseo anois, an Comhairleoir Albert Doherty agus Toni Devine.
Is as Oirthuaisceart Inis Eoghain Toni Devine, as Bá Chionn an Ghabha, agus is iar-mhúinteoir, iar-léachtóir agus iar-oibrí sóisialta í.
Reilig
Tá maoiniú €7,000 ceadaithe ag an Chomhairle Oidhreachta le plean cosanta agus caomhnaithe a ullmhu dírithe ar na fothracha atá i seanreilig Mhachaire Gathlán.
De réir seandálaithe, tógadh teampall ar an suíomh seo idir an 12ú agus 15ú haois, ach níl fágtha ansin anois ach na ballóga.
Dúirt an tAthair Brian Ó Fearraigh, Sagart Paróiste Ghaoth Dobhair go bhfuil an baol ann go dtitfidh an méid atá ansin agus go bhfuil sé tábhachtach an chuid atá fágtha a chosaint agus a shábháil.
Tá Comhlacht John Cronin as Bun Cranncha ceaptha leis an phlean a chur le chéile.
Feithiclí feirme
Ba cheart do thiománaithe a bheith iontach cúramach agus go leor feithiclí feirme ag taisteal ar na bóithre faoi láthair, a deir Gardaí Dhún na nGall i ráiteas an tseachtain seo.
Dúirt siad go bhfuil freagrachtaí ar thiománaithe feithicil feirme fosta, go háirithe má tá cuid mhór tráchta ag taisteal ar a gcúl, agus iad ag cur isteach ar ghluaisteacht na tráchta.
Mhol siad do thiománaithe taracóirí go háirithe, a gcuid boinn a ghlanadh agus gan a bheith ag cur lábán nó clocha ar bhóithre poiblí, a bheadh ina chontúirt do chúrsaí tráchta.