Cumann Lúthchleas Gael

Tá cead, le coinníollacha, fachta ag Cumann Lúthchleas Gael an Daingin chun mór-obair fhorbartha a dhéanamh ar Pháirc an Ághasaigh.

Tá an cumann meáite ar áras nua 240m cearnach a thógaint mar pháirt den bhforbairt, mar aon le feabhsaithe ar an bpáirc traenála, agus seomraí a bheadh ar fáil don bpobal ar fad.

Bheadh an falla ard atá os coinne na páirce le leagadh chomh maith.

Tá cead chuige sin, le seacht gcoinníoll, fachta ag CLG Dhaingean Uí Chúis.

Feirmeoirí Cnoc

Deir Cumann Feirmeoirí Cnoc agus Natura na hÉireann go bhfuil gealltanas fachta acu ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, go leanfar leis an bhfeirmeoireacht ar an dtalamh sa Leitriúch atá laistigh de Pháirc Náisiúnta nua-chruthaithe na Mara.

Deir an Cumann go ndúradh ag cruinniú dearfach a bhí idir an dá dhream le déanaí, go leanfaí leis na cleachtais feirmeoireachta atá i bhfeidhm cheana sa cheantar, agus go mbeifí ag comhoibriú leis na feirmeoirithe i bhforbairt na páirce.

Gealladh ag an gcruinniú chomh maith go gcoimeádfaí smacht ar líon na gcuairteoirí a bheadh ag gabháilt tríd na páirce, agus ná déanfaí carrchlós ollmhór amháin as an cheantar, a deir Cumann Feirmeoirí Cnoc agus Natura na hÉireann.

Sliogéisc

Deir Cumann na nIascairí Cois Cósta NIFA, go bhfuil an tóin tithe ar fad as tionscal an tsliogéisc i gCiarraí, agus nach bhfuil aon dath á dhéanamh ag Aire na Mara chun dul i gcabhair ar iascairí na tíre.

I ráiteas atá tugtha acu do Nuacht a' Deiscirt, deir NIFA go bhfuil ag dul d’iascairí Íochtar Chiarraí aon phortán faoilinne a dhíol, go bhfuil margadh na bportán dearg titithe as a chéile ar fad, agus nach bhfuil ach pinginí pitseála á fháilt acu ar ghliomaigh.

Deir NIFA go bhfuil sliogiasc ó Mheiriceá Theas agus ón Áis á dhíol ag ollmhargaí na hÉireann in ionad tairgí ón dtír seo.

Táid ag iarraidh ar Choimisiún na hEorpa teacht i bhfóirthint orthu le maoiniú éigeandála, mar nach bhfuil an tAire ag éisteacht leo, a deir Cumann na nIascairí Cois Cósta.

Limistéir ainmnithe mara

Beidh cruinniú poiblí ar bun ag an Roinn Comhshaoil i Rinn Ua gCuanach tráthnóna, mar pháirt den dtréimhse comhairliúcháin phoiblí atá ar bun acu fés na limistéir ainmnithe mara atá cruthaithe acu ar chósta an Oirdheiscirt.

Tá 4 láthair ar chósta an Oirdheiscirt ainmnithe mar cheantair ina bhféadfaí tograí fuinnimh inathnuaite a fhorbairt amach anso, agus dhá cheann acu amach ó chósta na nDéise, siadsan ceantair 'Tonn Nua’ agus ‘Lí Ban’.

Tá tréimhse comhairliúcháin tosnaithe chun tuairimí na muintire a bhailiú, agus mar pháirt de sin beidh cruinniú in Ionad Pobail na Rinne ar a 6pm tráthnóna.

Gníomhaireacht Forbartha Tionscail

Tá an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail ag tacú le 2,000 post i gCiarraí fé láthair, i gcomparáid le 49,000 post i gCo. Chorcaí, de réir eolais atá curtha ar fáil ag an Aire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta don dTeachta Dála Aindrias Ó Muimhneacháin.

Is i gCorcaigh atá 216 den 233 cliantchomhlacht de chuid an na gníomhaireachta san Iardheisceart, agus is iontu atá 96% de na postanna.

Is fada ionadaithe tofa poiblí i gCiarraí ag cáiseamh ar an easpa tacaíochta a fhaigheann Ciarraí, dar leo, ón nGníomhaireacht Forbartha Tionscail.