Scoil Mhuire

Tharraing Teachta Dála Shinn Féin Pádraig Mac Lochlainn aird ar an drochbhail atá ar fhoirgneamh Scoil Mhuire i mBaile na nGallóglach agus ar an chontúirt a bhaineann le suíomh na scoile sa Dáil an tseachtain seo.

D'iarr sé ar an Aire Oideachais, Norma Foley, athbhreithniú práinneach a dhéanamh ar chinneadh na Roinne gan Scoil Mhuire a chur san áireamh sa Chlár Tógála Scoileanna.

Dúirt an tAire Foley go bhfuil togra tógála ceadaithe don scoil faoin Scéim ASA, ina gcuirfear seomraí breise, seomraí réamhdhéanta ina measc, ar fáil.

Thug an tAire le fios go bhfuil sí ar an eolas faoin iarratas atá déanta ag an scoil maidir le foirgneamh úr agus dúirt sí go bhfuil machnamh á dhéanamh air.

Feachtas

Tá bean de bhunadh na Rosann i gceannas ar fheachtas atá ar bun ag an Aontas Eorpach le cur ina luí ar phobal na tíre an tábhacht a bhaineann le vóta a chaitheamh sna Toghcháin Eorpacha.

Tá Fionnuala Croker, ó Oifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa in Éirinn, mar pháirt de chamchuairt a d’fhreastail ar na trí thoghcheantar de chuid Pharlaimint na hEorpa in Éirinn, toghcheantar Lár Tíre agus an Iarthuaiscirt ina measc, le cur ina luí ar an phobal an tábhacht atá le vóta a chaitheamh sna Toghcháin Eorpacha ar an mhí seo chugainn le daonlathas láidir a chinntiú.

Sé’n aidhm atá leis an fheachtas ná a chinntiú go ndéanfaidh oiread daoine agus is féidir vóta a chaitheamh sna Toghcháin Eorpacha ar an 7 Meitheamh.

Dún na nGall

Líon na dteifeach, tithíocht agus cúrsaí iascaireachta na ceisteanna is mó atá ag cur isteach ar phobal Cheantar Bardasach Dhún na nGall, dar le hiarrthóirí an toghcháin sa cheantar bardasach seo.

Tá an líon is mó teifeach sa chontae i gceantar Bardasach Dhún na nGall, níos mo nó 2,200 duine, agus deir na hiarrthóirí go bhfuil brú mór, ní hamháin ar thithíocht ach ar sheirbhisí sláinte chomh maith.

Tá an iascaireacht ina fadhb mhór fosta le níos mo nó leath de na hiarrthóirí ina gcónaí sna Cealla Beaga nó cóngarach don chalafort agus é ráite acu go bhfuil iascairí agus a dteaghlaigh i gcruachás agus meath as cuimse tagtha ar an tionscal.

Leifear/Srath an Urláir

Brící Lochtacha, tithíocht, feirmeoireacht agus foirgnimh fholmha na ceisteanna is mó atá ag an phobal, dar leis na hiarrthóirí atá san iomaíocht sna Toghcháin Áitiúila i gceantar Bardasach Leifir/Shrath an Urláir.

Dúirt Charles Ward, iarrthóir an Pháirtí Cúiteamh 100%, go bhfuil na céadta úinéirí tí buailte leis na brící lochtacha sa Cheantar Bardasach agus dúirt sé go gcaithfear tuilleadh brú a chur ar an Rialtas cúiteamh 100% a cheadú do na húinéirí.

Tá an líon is mó d’fhoirgnimh fholmha sa tír i mBealach Féich agus deir na hiarrthóirí go bhfuil sé tábhachtach na foirgnimh atá folamh nó tréigthe a chóiriú agus a chur ar fáil don phobal mar thithe nó d’fhorbairtí gnó.