Slí Chorca Dhuibhne
Deir Kevin O'Shea, ball de Choiste Shlí Chorca Dhuibhne go bhfuil sé ríshoiléir go bhfuil gá le breis áiseanna fan na slí, go háirithe leithris in áiteanna ar nós Baile na nGall agus le hais Thráigh na Min Airde.
Pé áit a bhfuil easnamh, nó bearna, tá deis ann, a deir sé, agus deis lóistín a sholáthar leis, dóibh seo a shiúlann na slí, go háirithe i gceantar Lios Póil, atá tearc ó thaobh lóistín agus greim bídh do dhaoine is t’oíche, a dúirt sé.
Tá coiste Shlí Chorca Dhuibhne sásta comhoibriú le haon dream, pé acu, an feirmeoirí iad, le Comhairle Contae Chiarraí, Fáilte Éireann agus Údarás na Gaeltachta, chun Slí Chorca Dhuibhne a dhéanamh níos fearr ná mar atá sé, ach níl iontu ach coiste deonach, mar sin tá gá le cabhair agus comhoibriú, a dúirt Kevin O Shea.
Oifigeach Pleanála Teanga
Beidh post an Oifigigh Pleanála Teanga do Chathair Saidhbhín á fhógairt an tseachtain seo chugainn, os cionn bliana ó ainmníodh an baile go hoifigiúil mar bhaile seirbhíse Gaeltachta i Márta 2023.
Deir Oifigeach Gaeilge Chomhairle Contae Chiarraí, Aodán Mac Gearailt, go bhfuil an iomarca moille ar fad ar an bpróiseas ach go bhfuil sé sásta anois dul chun cinn a bheith déanta.
Eddie Punch
Is é an t-iarrthóir neamhspleách Eddie Punch atá sa chéad áit i dtoghcheantar Dheisceart na hÉireann i pobalbhreith ar líne atá déanta ag an suíomh nuachta feirmeoireachta AGRILAND agus atá foilsithe inniu.
Ghlac 2,500 duine páirt sa phobalbhreith, agus b'é Punch, iar-rúnaí ar Chumann Feirmeoirí Stoc agus Caorach na hÉireann, an chéad rogha, chun cinn ar na Feisirí Seán Kelly agus Billy Kelleher.
Ina ndiaidh siúd, bhí Michael McNamara NS, Cynthia Ní Mhurchú FF agus Patrick Murphy Aontú.
Seana-óstán
Tá iarratas pleanála á chur fé bhráid Chomhairle Contae Chiarraí thar ceann John agus Siobhán Breen, úinéirí sheana-óstán na Reannaí Rua i mBaile an Sceilg, chun mórfhorbairt turasóireachta a thógaint ar an láthair.
Páirc turasóireachta agus fóillíochta atá á thabhairt ar an bhforbairt, agus 22.6 heicteár ann.
Leagfar cuid den sean-óstán agus ath-fhorbrófar an chuid eile le 22 árasán féinfhreastail, tábhairne, seomra bídh, agus bialann ar an ndíon.
Beidh 21 both glampála, 25 tigh saoire agus 144 tigh soghluaiste chomh maith le háiseanna do veaineanna campála agus pubail.
Deontaisí
Tá liosta na ngrúpaí i gCiarraí a bheidh ag fáil deontaisí ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail i mbliana, fén gClár Feabhsúcháin Áitiúil, an LEP, foilsithe.
143 togra ar fad a bheidh ag fáil sciar d'os cionn €150,000.
Ina measc tá cumann tarrthála cois cósta Bhaile an Sceilg, Comhlacht Forbartha an Ghleanna, Comharchumann Dhún Chaoin, Comhaontas Turasóireachta Chorca Dhuibhne agus Líonra Bídh Chorca Dhuibhne.