An Earagail
Rinne na tuilte a tharla i gceantar an Iarthuaiscirt tráthnóna Dé Luain damáiste ollmhór do chosán siúil na hEaragaile.
Deir Cairde na hEaragaile go bhfuil measúnú déanta acu ar an damáiste a rinneadh agus mar gheall ar chúrsaí sábháilteachta de nach bhfuil rogha ar bith acu ach an cosán siúil a dhruid faoi láthair.
Moltar do dhaoine gan a bheith ag dreapadóireacht ar an Earagail go mbeidh socruithe déanta leis an damáiste a rinneadh a chóiriú.
Críochnaíodh an obair ar an chosán siúil ag deireadh na bliana anuraidh áit ar dearnadh cosán cloiche trí chiliméadar ar fhad a fhorbairt ón charrchlós suas an sliabh.
Chosain an togra €630,000.
Caiseal na gCorr
Rinneadh damáiste mór do dhroichead Chaiseal na gCorr, i nGort an Choirce sna tuilte a tharla ag tús na seachtaine chomh maith.
Tá pobal na háite ag gearán le fada faoin drochbhaill atá ar an droichead agus iad ag iarraidh ar an Chomhairle Contae an droichead a choiriú agus cosán coise a thógáil ann.
Ceanglaíonn an droicheadbealach Chaisleán na gCorr le Fana Bhuí agus úsáideann daltaí Scoil Náisiúnta Chaiseal na gCorr an bealach go laethúil.
Bhí an bealach druidte ar feadh an tráthnóna Dé Luain agus eagla ar mhuintir na háite go n-imeodh an droichead le sruth agus go mbeadh siad fágtha gan bealach ar bith chun na scoile.
Fóram Sláinte
Ba fhadhbanna earcaíochta is mó a chur buaireamh ar chomhairleoirí Contae Dhún na nGall atá ina mbaill d'Fhóram Réigiún Sláinte an Iarthair ag a gcruinniú deireanach den fhóram inné.
Dúradh go bhfuil an cosc ar earcaíocht ag cur isteach go mór ar sheirbhísí in Otharlann Leitir Ceanainn agus ar sheirbhísí sláinte poiblí eile sa chontae agus go bhfuil na liostaí feithimh ag dul in olcas.
Dúirt an Comhairleoir Albert Doherty go bhfuil sé scannalach nach bhfuil Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte in ann folúntais a líonadh agus gur chóir don Rialtas agus don Aire Sláinte deireadh a chur leis an chosc earcaíochta láithreach.
Dúradh go bhfuil laghdú ar sheirbhísí CAMHS, an tseirbhís comhairleoireachta do dhaoine óga sa chontae agus ar sheirbhísí tábhachtacha d'othair a bhfuil diaibéiteas orthu.
Ionad Cúraim Lae
Chinntigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go mbeidh an tIonad Cúraim Lae d’Aosaigh i Leifear réidh san Fhómhar.
Beidh Ionad Habinteg lonnaithe i bPáirc Bhaile Dhuibh, Leifear agus beidh spás ann do idir 15 agus 20 cliant sa lá.
Tá seirbhísí iompair á bpleanáil faoi láthair ag Comhlacht Seirbhísí Iompair Tuaithe nó SITT, le cliaint a thabhairt ón bhaile go dtí an tIonad Lae.
Dúirt Frank Morrison, Ceannasaí na nAosach i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, go bhfuil siad dóchasach go mbeidh an tIonad réidh ag deireadh Meán Fómhair.
Tionscal na hiascaireachta
Beidh díospóireacht ar siúl sna Cealla Beaga tráthnóna inniu le hiarrthóirí atá san iomaíocht do na Toghcháin Eorpacha i dToghcheantar an Láir Tíre, an Iarthair agus an Iarthuaiscirt áit a mbeidh siad ag plé tionscal na hiascaireachta.
Beidh 10 iarrthóir i láthair agus deis acu ar fad labhairt leis an phobal agus a dtuairimí a thabhairt faoin tionscal ó thaobh reachtaíochta de san Eoraip.
Is iad Cumann Táirgeoirí Éisc na hÉireann, Cumann Próiseálaithe Éisc agus Easpórtálaithe na hÉireann agus Cumann Iascairí na gCealla Beaga atá ag reáchtáil na díospóireachta.
Tá beirt iarrthóirí as Dún na nGall san iomaíocht sna Toghcháin Eorpacha, an Seanadóir Niall Blaney ó Pháirtí Fhianna Fál agus Peter Casey, Neamhspleách.
Beidh Peter Casey i láthair don díospóireacht tráthnóna inniu a bheidh ar siúl in Óstán an Tara sna Cealla Beaga.
An Craoslach
Inniu an lá deireanach ag Comhairle Chontae Dhún na nGall a bheith ag glacadh le haighneachtaí faoin chead pleanála atá beartaithe ag an suíomh ar tharla tragóid an Chraoslaigh.
Maraíodh deichniúr sa phléascán a tharla ar an suíomh ar an 7 Deireadh Fómhair 2022.
Tá 22 aighneacht ón phobal faighte ag Oifig Pleanála na Comhairle Contae go dtí seo, ag cur in éadan na forbartha atá beartaithe ag an Chomhlacht Vivo Shell Teoranta ar an Chraoslach.
Léirigh roinnt teaghlach míshástacht faoin iarratas agus tá beagnach 1,300 síniú faighte ar achainí ar change.org atá ag cur in éadán na forbartha.
Tá an Comhlacht ag lorg cead pleanála le foirgneamh úr a thógáil ina mbeidh Siopa, Oifig an Phoist, Deilí, Eischeadúnas, Ionad Storála, Leithris, Áiseanna Breosla, áit storála do thancanna agus do chaidéil chomh maith le spás do ghairdín cuimhneacháin.