Camscéim
Tá foláireamh tugtha ag Cumann Tarrthála Sléibhe Dhún na nGall don phobal maidir le camscéim atá ar bun faoi láthair.
Mar chuid den chamscéim, maítear go bhfuil an Cumann ag díol earraí éagsúla le hairgead a chruinniú.
Tá sé tugtha le fios ag Cumann Tarrthála Sléibhe Dhún na nGall nach ndíolann siadsan earraí agus moltar don phobal gan na hearraí a cheannach.
Ten T
Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall John McLaughlin go bhfuil sé dóchasach go mbeidh an Plean Gnó do Thogra Bóthair an Ten T os comhair an Rialtais sula ndéanfar an Dáil a scoir sa tSamhradh.
Dúirt sé gur lorg an Roinn Iompair eolas breise ón Chomhairle Contae faoin Togra agus go bhfuil an t-eolas sin curtha ar ais chucu anois.
Dúirt sé go bhfuil sé dóchasach go bhfuil an t-eolas ar fad ag an Roinn anois agus go bhfuil súil aige go mbeidh maoiniú á cheadú don togra go luath.
Trí phíosa bealaigh atá mar chuid den togra, seachbhóthar Bhealach Féith/Shrath an Urláir, Leitir Ceanainn go Mainéar Uí Chuinneagáin agus Mainéar Uí Chuinneagáin go Leifear.
Póstaeir
Tá sé beartaithe ag an Chomhairleoir Contae Micheal Choilm Mac Giolla Easpaig gan póstaeir dó féin a chur in airde mar chuid dá fheachtas do na toghcháin áitiúla.
Deir sé go raibh an cinneadh bunaithe ar aiseolas ón phobal agus gur cheart vóta a chaitheadh d'iarrthóir as an obair atá déanta acu agus a gcuid moráltachta agus idé-eolaíochta ina áit an chuma atá orthu ar phóstaeir.
Thug an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig le fios fosta go mbeadh leisce air ceist a chur ar a lucht tacaíochta airgead a chruinniú do phóstaeir nuair nach bhfuil sé d’acmhainn ag daoine a gcuid billí a íoc.
Mná
Is mná iad 21% de na hiarrthóirí atá ag lorg suíocháin sna toghcháin áitiúla i nDún na nGall.
19 bean agus 72 fear atá san iomaíocht do 37 suíochán ar Chomhairle Contae Dhún na nGall.
17 bean a bhí san iomaíocht sna toghcháin áitiúla i nDún na nGall i 2019.
Toghadh ceathrar ban ina gcomhairleoirí an iarraidh sin.
Ba iad sin Marie Therese Ní Ghallchóir, Niamh Kennedy, Rena Donaghey agus Nóirín Nic Gairbheith.