Páirc Uí Chaoimh
Glacadh d'aon ghuth aréir ag cruinniú de bhord Chumann Lúthchleas Gael Chontae Chorcaí leis an ainm nua ar Pháirc Uí Chaoimh, sé sin go dtabharfar Supervalu Páirc Uí Chaoimh uirthi as so go ceann 10 mbliana mar chuid de chonradh urraíochta leis an gcomhlacht ollmhargaí.
Gaelscoil Uí Riada
Tá a leithscéal gafa ag bainistíocht Ghaelscoil Uí Riada i gCathair Chorcaí le tuismitheoirí na ndaltaí mar gheall ar aitheasc a tugadh ag aifreann scoile inné.
Tuairiscítear san Irish Examiner, gur tugadh cuireadh d'aoi-chainteoir, nach sagart é, chun labhairt leis an bpobal ag an Aifreann i Sáipéal Naomh Iosaf in Wilton.
Thug sé aitheasc uaidh a mhair 20 nóiméad a bhí cáinteach ar an hómaighnéasachas agus ar roghnú an amhránaí neamh-dhéanártha Bambie Thug don gcomórtas Eurofíse.
I ríomhphost a cuireadh go dtís na tuismitheoirí inné, thug príomhoide na scoile Breandán Ó Gréilligh le fios nár cuireadh ar an eolas é roimh ré go dtabharfaí cuireadh chun cainte do dhuine ná raibh aon bhaint aige leis an scoil.
Tá cruinniú socraithe idir bord bainistíochta na scoile agus Easpag na Deoise Fintan Gavin.
Cathair Saidhbhín
Caithfidh comhairleoirí cheantar Bardasach Neidín vóta, ag cruinniú speisialta inniu, ar mhórthogra feabhsúcháin atá ar na bioráin do bhaile Chathair Saidhbhín.
Bhí tréimhse comhairliúcháin phoiblí ann mar gheall ar an dtogra, agus seans ag daoine, a gcuid a rá faoin bhforbairt.
Deineadh 22 aighneacht ar fad, agus glacfar nó ní ghlacfar inniu, leis na pleananna atá déanta do Cheathrú Dhónail Uí Chonaill i lár bhaile Chathair Saidhbhín.
Fuair an Chomhairle €19.5 milliún trí bliana ó shin ar mhaithe leis an obair athfhorbartha seo.
Athchúrsáil
Deir iarrthóir an Chomhaontais Ghlais i gCeantar Bardasach Mhaigh Chromtha, Harriet Burgess, gur costas beag an 15 nó 25 cent atá le leagadh ar bhuidéil phlaisteacha nó ar channaí as seo amach, má chabhraíonn sé leis an méid bruscair a chaitear amach a laghdú.
Dhein sí a cuid cainte i bhfianaise na scéime a tosnaíodh inné, ina bhféadfar cannaí agus buidéil a thabhairt tharnais dtí’s na siopaí, agus an éarlais 15 cent sin a fháil tharnais.
Tionól Nioclás Tóibín
Tá tús á chur inniu le Tionól Nioclás Tóibín sa Rinn.
Beidh ceolchoirm ar siúl chun tús a chur leis an dtionól anocht ar a 8pm i Halla Pobail na Rinne agus Mick O'Brien, Caoimhín Ó Raghallaigh, Ciarán Ó Gealbháin, Ann Mulqueen, Sorcha agus Odí Ní Chéilleachair ag seinm.
Beidh ceardlanna ceoil ar siúl amárach chomh maith le léachtanna, seisiúin éagsúla agus Ceolchoirm an tSathairn ar siúl i Halla Pobail na Rinne ar a 7.30 agus mórán ceoltóirí agus amhránaithe i láthair, ina measc Edel Fox, Clíodhna Costello, Máire Ní Chéilleachair agus Aodán Ó Ceallaigh. Beidh Club an Tionóil ar siúl ina dhiaidh san i dTigh Mhuirithe óna 10pm ar aghaidh.
Beidh aifreann ar siúl maidin Dé Domhnaigh ar a 10am agus Cór Fear na nDéise á stiúradh, agus ceardlanna, seisiúin agus seoltaí albam ar siúl feadh an lae.
Ar an Luan, beidh Ceadal sa tSeanphobal ar siúl óna 1.30 i Halla Colmáin sa tSeanphobal agus seisiún i dTigh Mhuirithe ina dhiaidh ar a 4pm chun clabhsúr a chur leis an dtionól.
Éigse na Brídeoige
Is inniu a chuirfear tús le hÉigse na Brídeoige in Uíbh Ráthach agus tús á chur leis an Éigse leis an scannán Amhrán na Mara a bheidh á thaispeáint i Halla Pobail Bhaile an Sceilg ar a 11 ar maidin.
Beidh an oscailt oifigiúil ar siúl tráthnóna i Halla Pobail Chathair Dónall ar a 7.30 agus an file Paddy de Buis, á hoscailt agus béim ar rónta i mbliana ag an éigse.
Beidh seisiún oscailte amhránaíochta ar siúl ina dhiaidh san sa Phíobaire Dall i gCathair Dónall óna 9.30.
Beidh cainteanna, léachtanna agus seoladh leabhair ar siúl amárach ann agus an chéad éachtaint aige cuairteoirí na féile ar thogra trialach uair an chloig ar fhaid, athinsint agus forbairt ar an leabhar a bheidh á sheoladh, 'An Craiceann agus a Luach’ le hEithne Ní Ghallchobhair.
Beidh Ceolchoirm na hÉigse ar siúl oíche amárach in Ionad na Dromada ar a 8pm agus Muireann Nic Amhlaoibh, Gerry O’Beirne agus Niamh Varian Barry ag seinmt.
Beidh seisiún Mic oscailte ina dhiaidh san i dTábhairne na hUíne ón 10pm ar aghaidh.
Beidh aifreann, lón agus seoladh leabhair Mhichíl Uí Shiochrú ar siúl ar an nDomhnach chun clabhsúr a chur leis an Éigse.
Féile Bríde Imbolc
Beidh Féile Bríde Imbolc 2024 ar siúl i gCléire le linn an deiridh seachtaine.
Beidh ceardlann ceoil amárach dírithe ar amhráin saothair, le siúlóid treoraithe san iarnóin agus oíche cheoil i dTigh Chiarán Danny Mike.