Seirbhís bus

Táthar ag súil le dea-scéal inniu faoin gcóras iompair phoiblí Local Link in Iarthar Duibhneach.

Tuigtear go bhfuil fógra le déanamh san iarnóin faoi sheirbhísí breise do Pharóiste na Cille agus do sheirbhís déanach istoíche ón nDaingean, siar.

Is ar an 18 Nollaig, a thuigtear, a chuirfear tús leis na seirbhísí breise, in am don Nollaig.

Páirc uile-aimsire

Tá deontas suas le €245,000, nó 80% de chostas iomlán na hoibre, ceadaithe do choiste na páirce uile-aimsire i mBaile Bhuirne, chun tabhairt faoin obair forbartha ar an bpáirc.

Deir Cathaoirleach an Choiste, James Cronin, gur ana áis a bheidh ann don bpobal, ach beidh moill ar an obair, mar go dtarraing an conraitheoir a roghnaíodh tríd an gcóras tairisceana amach as, agus go bhfuil conraitheoir nua le ceapadh anois.

D'fhéadfadh seo, anois, méadú a chur ar an gcostas iomlán.

Feirmeacha Oisrí

Sé an 14 Nollaig, an spriocdháta chun aighneachtaí a chur go dtí Roinn na Mara faoi dheich gcinn d’Fheirmeacha Oisrí atá ar na bioráin do cheantar na Rinne Airde in Uíbh Ráthach.

Deir Cillian Ó Loingsigh ón bhfeachtas, Renard, save our strand, ná beidh aon teacht ag muintir na háite ar thráigh na Rinne Airde, má ceadaítear na feirmeacha, agus go ndéanfar díobháil don mbeatha mara.

Bainistíocht Fianna

Moltar i dtuairisc Ghrúpa Bainistíochta Fianna a foilsíodh inné, go gcuirfí an séasúr ina bhfuil cead fianna a lámhachadh i bhfaid, agus go mbunófaí aonaid bainistithe fianna in áiteanna ar nós Chiarraí ina bhfuil líon na bhfianna dulta i méid le blianta beaga anuas.

Tá daoine i gcomharsanacht Chill Airne agus in áiteanna eile i gCiarraí, agus sna hIardhéise chomh maith, ag maíomh go bhfuil na fianna dulta as smacht ar fad, agus ag déanamh díobhála d’fheirmeacha agus ag cur shábháilteacht na ndaoine ar bhóithre i mbaol.

Mhol ceann d’fhochoistí an Ghrúpa, nach mbeadh aon srian ar an méid fianna a lamhachfaí mar pháirt d’iarrachtaí an líon fianna a ísliú, seachas na Fianna Rua dúchasacha atá i gCiarraí.

Gadaíocht

Ghabh na Gardaí beirt fhear maidir le heachtraí gadaíochta a tharla i dtrí cinn d’ionaid ghnó i mBaile an Daingin ar an 30 Samhain.

Cúisíodh an beirt ó shin.

Tugadh fear amháin, sna 30idí os comhair Chúirt Dúiche Chathair Chorcaí Dé Sathairn seo caite agus tugadh an fear eile, sna 40idí, os comhair Chúirt Dúiche Thrá Lí arbhú inné.

Ós rud é go bhfuil an cás seo os comhair cúirte faoi láthair, níl an Garda Síochána ábalta a thuilleadh a rá ag an bpointe seo.

Bád farantóireachta

Ní sheolfaidh bád farantóireachta Chléire ar maidin, de dheasca gálaí gaoithe agus olaithe farraige.

Tá an Charraig Mhór istigh sa duga agus geataí stoirme dúnta.

Ní sheolfaidh sí ó Chléire ar maidin ag 9am ná ó Dhún na Séad ag 11am.

Ceathrú Dhónail Uí Chonaill

Tá tréimhse chomhairliúcháin phoiblí oscailte ag Comhairle Contae Chiarraí maidir le hoibreacha atá beartaithe acu chun ceathrú Dhónail Uí Chonaill a fhorbairt i gCathair Saidhbhín.

Luaitear i measc na bhforbairtí, feabhsúcháin ar phlásóg an Aonaigh, agus córas aontreo idir an Leabharlann agus an Tigh an Aonaigh, mar aon le háiseanna cois farraige.

Ta na pleananna le feiscint in oifigí na comhairle i gCathair Saidhbhín agus i dTrá Lí, sa Leabharlann i gCathair Saidhbhín agus ar shuíomh idirlín na Comhairle, agus tá go dtí an 17 Eanáir chun aighneachtaí a dhéanamh ina dtaobh.