Teifigh
Beidh tuairim is 100 teifeach breise ón Úcráin ag teacht go Cill Airne roimh dheireadh na bliana.
Thug Roinn na Leanaí le fios inné go bhfuil socrú déanta acu leis an gcomhlacht Millstreet Equestrian Services, le muintir Dhugáin ó Shráid an Mhuilinn.
'Sé Seana-Chlochar na Toirbhirte ar an tSráid Nua i gCill Airne, a bheidh ina ionad lóistín dos na teifigh nua.
Cheannaigh muintir Dhúgáin an clochar an samhradh seo caite ar €3 milliún, dúbailt an phraghais a bhí á iarraidh air.
Tá an tigh athchóirithe ó shin, agus tá 26 seomra agus séipéilín ann.
Tuairiscítear go bhfuil muintir Dhúgáin meáite ar óstán a oscailt i bhfad na haimsire.
Ta Millstreet Equestrian Services ar cheann de na soláthróirí lóistín is mó don stát sa tír fé láthair, agus ionaid acu ar fuaid Chúige Mumhan, lena n-áirítear Caisleán an Driseáin i Sráid an Mhuilinn.
Níl ach mí ó scrígh Comhairle Contae Chiarraí go dtí Roinn na Leanaí ag iarraidh ná cuirfí a thuilleadh teifeach ná iarrthóirí tearmainn go Ciarraí, ar an gcúis go bhfuil 10% d'Úcránaigh na tíre go léir i gCiarraí, agus brú mór ar sheirbhísí sa chontae.
Tithíocht
Cé ná fuil aon talamh ag Údarás na Gaeltachta i gCeantar Gaeltachta Uíbh Ráthaigh a bheadh oiriúnach do thithíocht, deir Príomhfheidhmeannach an Údaráis in agallamh d’Adhmhaidin inniu, go bhfuilid lánsásta cabhrú leis an bpobal suíomh oiriúnach a aimsiú agus cead pleanála a lorg má thagann sé chuige sin.
Deir sé leis, go bhfuil ana chuid taighde ar mhúnlaí éagsúla tithíochta déanta ag Comhlacht Forbartha na nDéise agus go mbeidh san á phlé ag an gcéad chruinniú Boird eile.
Inimirce
Deir Teachta Dála neamhspleách Iarthar Chorcaí Michael Collins gur theip glan ar an rialtas, agus ar pháirtithe an fhreasúra, plé a dhéanamh ar na pointí substaintiúla sa rún a mhol na teachtaí neamhspleácha tuaithe inné ar an inimirce.
Dúirt sé go bhfuil imní réasúnta ar dhaoine ar fuaid na tíre maidir leis an inimirce agus an brú atá ar acmhainní, ach nach bhfuil ach drochmheas á léiriú ag formhór an aosa pholaitiúil ar na tuairimí sin.
Tá an córas ar fad dulta thairis pointe a bhriste, a dúirt an Teachta Collins agus tá na daoine is déanaí atá tagtha á gcur amach ar an tsráid ceal lóistín.
Tá fadhb fén tslí ina bhfuil córas leasa shóisialaigh níos flaithiúla in Éirinn ná mar atá i dtíortha eile, a dúirt sé, agus teastaíonn díospóireacht ionraic oscailte ar na ceisteanna seo.
Scéim faoisimh tuilte
Cé go bhfuil scéim faoisimh tuilte Neidín ag dul ar aghaidh de réir an chláir ama, ní mór rud éigin a dhéanamh sa ghearrthréimhse, a deir an Comhairleoir Patrick O’Connor Scarteen.
Cuireadh in iúl don gComhairleoir O’Connor Scarteen ag cruinniú Cheantar Bardasach Neidín an tseachtain seo, go bhfuil an scéim ag Céim an Deartha, an chéad chéim as na cúig chéim ar fad atá inti, agus go mbeidh tosach na bliana 2030 ann sara mbeidh an obair go léir curtha i gcrích.