Athchúrsáil
Tá súil go mbeidh ionad úr athchúrsála Oileán Thoraí réidh le hoscailt roimh dheireadh na bliana.
Ceadaíodh an t-airgead ar fad don togra agus dúirt Bainisteoir Chomharchumann an Oileáin, Marjorie Uí Chearbhaill, go bhfuil gá leis an fhoirgneamh féin a chríochnú anois agus go mbeidh duine ón oileán ag obair ann.
Óstán an Highland
Dúirt Bainistíocht Óstán an Highland sna Gleanntaí an tseachtain seo, nach bhfuil an tÓstán le druid.
Bhí iomrá fán cheantar go raibh an tÓstan le druid i ndiaidh na Nollag ach shéan an Bhainistíocht é seo.