Tithíocht

Ag cruinniú speisialta de chuid na Comhairle Contae ar chúrsaí tithíochta inné, cuireadh in iúl go bhfuil ag éirí go maith leis an chomhairle an sprioc chun 1,268 aonad tithíochta a sholáthar roimh 2026, le cur lena stoc tithe.

Dúradh go bhfuil obair thógála ar bun ar 169 aonad tithíochta sa Chontae faoi láthair agus go bhfuil aon scéim déag críochnaithe nó á dtógáil i láthair na huaire ar thograí i nDún Fionnachaidh, i Loch an Iúir, in Anagaire, i mBaile Dhún na nGall, i mBun Cranncha, i Leifear, i Leitir Ceanainn agus i mBun Dobhráin.

Tá obair dheartha agus doiciméad tairisceana á n-ullmhú faoi láthair ar 145 aonad tithíochta i Leitir Ceanainn, i mBun Cranncha, sa Chlochán Liath, i Rath Bhotha, i gCill Chartha, sna Gleanntaí agus sa Chraoslach.

Tá obair ar iarratais phleanála ar bun ar 125 aonad tithíochta i dTamhnaigh, i Srath an Urláir, i mBaile Suingean, i Leifear agus sna Cealla Beaga.

Cuireadh in iúl ag an chruinniú chomh maith go mbeidh 307 aonad tithíochta á dtógáil faoin chlár tithe lándéanta agus go mbeidh deis níos mó ann tithe a aimsiú faoin scéim.

Otharlann Leitir Ceanainn

Tá cruinniú poiblí á eagrú i Leitir Ceanainn Déardaoin seo chugainn le plé a dhéanamh ar sheirbhísí in Otharlann Leitir Ceanainn.

Tá Grúpa Feachtais Otharlann Leitir Ceanainn ag eagrú an chruinnithe a bheidh ar siúl in Óstán an Mount Errigal ag a 8 chlog.

Dúirt Margaret Nic Gaoithín, ball den ghrúpa, go bhfuil sé tábhachtach dearcadh an phobail a fháil ar an Otharlann agus scéalta a chluinstin faoina dtaithí ar an Otharlann.

Dúirt sí go gcaithfidh an Rialtas aird a thabhairt ar an imní atá ar phobal Dhún na nGall maidir leis na seirbhísí in Otharlann Leitir Ceanainn.

Caiteachas

Chaith Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte €1.2m ar otharcharranna príobháideacha in Otharlann Leitir Ceanainn idir Eanáir agus Meán Fómhair na bliana seo, de réir figiúirí a foilsíodh inniu. 

Léirítear sna bhfigiúirí gur caitheamh os cionn €4m ar otharcharranna príobháideacha in Otharlann Leitir Ceanainn le trí bliana anuas.

Caitheadh €1.7m ar otharcharranna príobháideacha in 2021, an líon ba mhó a caitheamh sa tréimhse trí bliana sin agus €1.4 a caitheadh ar otharcharranna príobháideacha in Otharlann Leitir Ceanainn anuraidh de réir na bhfigiúirí.

Úsáidtear otharcharranna príobháideacha agus tacsaithe le hothair a aistriú nuair nach bhfuil cásanna éigeandála i gceist agus nuair nach bhfuil an tSeirbhís Náisiúnta Otharchairr ar fáil.

Héileacaptar

Tá sé curtha in iúl ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nach mbeidh seirbhís héileacaptair idir Toraigh agus an tír mór inniu mar gheall ar chúrsaí aimsire.

Bhí dochtúir agus altra le freastal ar an oileán inniu agus deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go mbeidh socruithe eile á ndéanamh anois.

Beidh an chéad seirbhís héileacaptair eile de chuid na Feidhmeannachta idir Toraigh agus tír mór ann ar an 7 Nollaig.

Píopa uisce

Tá tuairiscí faighte againn go bhfuil píopa uisce Ghabhla ina shuí os cionn na farraige amach ó Ghabhla. 

Dúirt an Comhairleoir Contae Mícheál Cholm Mac Giolla Easbuig go bhfuil seo ag tarlú i bhfad rómhinic agus go gcaithfear réiteach buan a fháil ar na fadhbanna atá le píopa uisce Ghabhla ag éirí go barr na farraige chomh minic. 

Is ceist sábháilteachta í seo agus tá beatha iascairí agus lucht farraige á gcur i mbaol agus an píopa seo ag snámh ar dhromchla na farraige, a dúirt sé. 

Dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easbuig go bhfuil teagmháil déanta aige le hUisce Éireann le cruinniú a eagrú leo le hiarracht réiteach a fháil ar an fhadhb.

Leabhar Gaeilge na Bliana

Tá an Gradam do Leabhar Gaeilge na Bliana bainte ag an Leabhar 'Imram agus Scéalta Eile' le Róise Ní Bhaoill as Rann na Feirste ag Mórghradaim Litríochta An Post a bhí ar siúl aréir.

Seo an chéad chnuasach gearrscéalta le Róise Ní Bhaoill atá foilsithe ag an Chomhlacht foilsitheoireachta Éabhlóid.

Bhí 5 leabhar ar an ghearrliosta do ghradam Leabhar Gaeilge na Bliana, An Post i mbliana.