Údarás na Gaeltachta
Tá beirt as Dún na nGall ainmnithe ar Bhord úr Údarás na Gaeltachta a fógraíodh inniu.
Is iad sin Caitlín Ní Bhroinn as Machaire Rabhartaigh atá ina Oifigeach Pleanála Teanga i gCloich Chionnaola agus a bhfuil seacht mbliana is fiche caite aici ag obair leis an Ghaeilge ar fud na tíre agus Seán Ó Cuirreáin as Cloich Chionnaola, iar-chomhalta ar bhord an Údaráis agus atá ina Bhainisteoir ar Ionad Saorálaí Dhún na nGall agus ina chomhalta boird ar Chomhar Naíonraí na Gaeltachta agus Pobail.
D'fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin agus an tAire Stáit Gaeltachta Patrick O Donovan na ceapacháin inniu.
Tá an Comhairleoir Contae Anthony Molloy as Ard an Rátha ceaptha ina ionadaí Chomhairle Contae Dhún na nGall ar an Bhord.
Beidh an bord úr ag feidhmiú go deireadh na bliana 2024.
Rónán Wilson
Beidh Aifreann tórraimh Rónáin Wilson, 9 mbliana d’aois as Cill Dreas, Contae Thír Eoghain a maraíodh i dtimpiste bhóthair, nuair a bhuail carr, nár stop, é i mBun Cranncha oíche Shatharn a chuaigh thart, ar siúl inniu.
Cuirfear Rónán Wilson sa Reilig áitiúl i ndiaidh Aifreann an mheán lae i dTeach Pobail Mhuire, Domhnach Mór, Contae Thír Eoghain inniu.
Gabhadh tiománaí an chairr agus tháinig sé os comhair na cúirte an tseachtain seo agus é cúisithe maidir leis an timpiste.
Tá na Gardaí go fóill ag iarraidh ar dhuine ar bith a bhí i gceantar Bhealach an Atlantaigh i mBun Dobhráin oíche Shathairn a chuaigh thart, i dtrátha an 9 a chlog teagmháil a dhéanamh leo.
Easpaig
Beidh breis agus 350 Easpag as achan chearn den domhan ag freastal ar Sionad na nEaspag sa Róimh ón 4ú lá go dtí an 29ú lá de Dheireadh Fómhair.
Dúirt Easpag Dheoise Ráth Bhoth, Alan Mac Eochagáin go mbeidh Easpaig na hÉireann ag iarraidh teachtaireacht láidir a thabhairt ag an Sionad go gcaithfear éisteacht le pian na ndaoine a ndearna baill den chléir mí-úsáid orthu.
Tá saol úrnua ann agus caithfear athraithe a dhéanamh san Eaglais, a dúirt sé.
Caithfear a bheith iontach oscailte le hachan duine agus fáilte a chur roimh achan duine san Eaglais, a dúirt an tEaspag Mac Eochagáin.
I measc na gceisteanna móra a bheas á bplé, beidh áit na dtuatach agus áit na mban san Eaglais, a dúirt an t-easpag Mac Eochagáin.
Díshealbhú
Caithfidh an Rialtas athbhreithniú a dhéanamh ar an chinneadh deireadh a chur leis an bhac ar dhíshealbhú tionóntaí le haghaidh a thabhairt ar an ardú atá tagtha ar easpa dídine i réigiúin an Iarthuaiscirt, dar leis an Teachta Dála Thomas Pringle.
Tháinig deireadh leis an bhac ar dhíshealbhú tionóntaí ar an lá deireanach de Mhí an Mhárta i mbliana.
Dúirt an Teachta Pringle leis an ardú leanúnach atá tagtha ar líon na ndaoine gan dídean go háirithe i réigiúin an Iarthuaiscirt go gcaithfear cinnteacht a thabhairt do thionóntaí go háirithe anois agus an geimhreadh ar an tsúil againn.
Caithfear an cosc ar dhíshealbhú tionóntaí a chur i bhfeidhm arís agus tuilleadh acmhainní a chur ar fáil leis an fhadhb tithíochta atá sa Chontae a réiteach a dúirt an Teachta Pringle.
Na Cealla Beaga
Ní bheidh an bád pléisiúr An Norwegian Getaway ag teacht i dtír sna Cealla Beaga maidin inniu mar a bhí socruithe, mar gheall ar chúrsaí aimsire.
Tá an long ar thuras 16 lá ar fud thuaisceart na hEorpa agus bhí sí le teacht i dtír sna Cealla Beaga maidin inniu le chóir a bheith 4,000 paisinéir ar bord ach cuireadh é seo ar ceall mar gheall ar chúrsaí aimsire.
Táthar ag siúl go mbeidh an Norwegian Getaway in ann teacht i dtír sna Cealla Beaga amárach mar a bhí beartaithe le thart ar 2,000 paisinéir ar bord.
Bruscar
Rinneadh suas le 1.2 tonna bruscair a thógáil ó thráigheanna ar fud Dhún na nGall le gairid mar pháirt d’fheachtas glantacháin a bhí siúl ar thráigheanna an Chontae.
Bhí ceithre ghrúpa dhéag agus thart ar 200 oibrí deonach páirteach san fheachtas glantacháin ar thráigheanna Dhún na nGall agus tógadh ar shiúil suas le 1.3 tonna de bhruscar ó na tráigheanna sa Chontae.
Chláraigh 7,700 oibrí deonach le tabhairt faoin fheachtas glantacháin ag tráigheanna na tíre agus tógadh ar shiúil 46 tonna bruscar ó na tráigheanna agus deireadh le séasúr an tsamhraidh.