Príosún ar Chiarraíoch i Nua Eabhrac

Gearradh pianbhreith bliain agus lá príosúin inné ar iar-rialtóir airgeadais an chomhlachta Navillus i Nua Eabhrac, a bhunaigh muintir Shúilleabháin, ón gCom, i mBaile an Sceilg ó dhúchas, as calaois airgid a bhain le táillí ceardchumainn.

Ciontaíodh Pádraig Naughton atá leathchéad bliain d'aos, as aon choir déag ar fad.

Ba iad Rialtas na Stát Aontaithe a thóg an cás i gcoinne iar-fheidhmeannaigh Navillus, agus tá pianbhreith le gearradh ar Dhónal agus Helen Ó Sullivan sara bhfad.

Suíomhanna bréige GAAGo

Tá suíomhanna bréige idirlín, a bhfuil dearadh agus cuma an tsuímh oifigiúil GAA-Go orthu, ag mealladh daoine atá ag lorg na sruthanna idirlín do chluichí Gaelacha.

Tá scata i gCiarraí oiriúnach le ceangal an tseachtain seo mar nach bhfuil aon rogha ag lucht leanta na foirne contae ach dul i muinín an idirlín chun cluiche ceathrú ceannais an tSathairn a fheiscint ar theilifís.

Deir an saineolaí idirlín Brian Ó hEoghanáin, go bhfuil baol ag baint le suíomhanna mídhleathacha, go dtógfaidh siad airgead ó dhaoine gan an tseirbhís a chur ar fáil, nó go mbeadh haiceáil agus sárú príobháideachais á dhéanamh acu.

Amhras faoi ráiteas RTÉ faoi íocaíochtaí rúnda

Deir an TD Christopher O’Sullivan ó Chorcaigh Thiar Theas, ball de Chomhchoiste Oireachtais na Meán, nach bhfuil bun ná ceann le ráiteas ó RTÉ a deir nach raibh eolas ag éinne ar Bhord an chraoltóra, seachas an tIar-Ardstiúrthóir Dee Forbes, fé na híocaíochtaí breise a fuair Ryan Tubridy.

Ag labhairt dó ar Morning Ireland ó chianaibh dúirt an Súilleabhánach nach mbeadh aon dealramh fén spéir leis mar scéal mura dtagann os comhair an chomhchoiste ach Cathaoirleach Bhord RTÉ agus an Leas-Ardstiúrthóir Eatramhach.

Dabhachanna lochtacha séarachais

Ba iad Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge an t-údarás áitiúil ba lú a dhein scrúdaithe ar dhabhachanna séarachais anuraidh, de réir tuarascáil bhliantúil na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil, an EPA.

Ceithre scrúdú dá leithéid a deineadh, as na 20 ceann a bhíodar in ainm is a scrúdú, agus theip ar 3 cinn de na dabhachanna séarachais sin.

Ba é sin an ráta teipthe ab airde sa stát ar fad.

agothromaíocht i dtógáil tithe"

Deir an TD Aindrias Ó Muimhneacháin go bhfuil éagothromaíocht i gcúrsaí tithíochta i gcónaí, cé go bhfuil níos mó béime ar thithíocht sa chlár rialtais ná mar a bhí riamh.

Ag labhairt dó sa Dáil le déanaí, dúirt an Muimhneachánach go bhfuil níos mó tithíocht shóisialta á thógaint i Múscraí, in áiteanna ar nós Bhaile Bhuirne agus Maigh Chromtha, ná mar a tógadh riamh cheana, agus 150 teaghlach bogtha isteach i dtithe nua le déanaí.