Tinte

Tá foláireamh oráiste do bhaol ard tinte eisithe ag an Roinn Talmhaíochta Bia agus Mara do cheantracha sa Chontae ina bhfuil féar nó aiteann tirim.

Deir Comhairle Contae Dhún na nGall go bhfuil baol ard ann má lastar tine i láthair na huaire go spréifidh sé go gasta agus go ndéanfar damáiste mhór do thailte, maoin, dúlra agus beatha daoine. 

Mairfidh an foláireamh Oráiste seo go dtí 6 a chlog tráthnóna Dé Luain seo chugainn an 29ú den Mhí, mar gheall ar an aimsir thirim atá againn faoi láthair. 

Chuir an Chomhairle Contae in iúl don phobal fosta go bhfuil sé in éadan an dlí fásra a dhó nó a ghearradh idir an chéad lá de Mhí Mhárta agus an lá deireanach de mhí Lúnasa achan bhliain agus lena chois sin go bhfuil cosc ar dhó dramhaíola talmhaíochta faoi láthair, faoi na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola 2023.

Comhdháil Síochána

Beidh ionadaíocht láidir ag Dún na nGall ag comhdháil Peace Plus 25 atá á heagrú sa Bheilg ag tús na míosa seo chugainn, chun comóradh a dhéanamh ar 25 bliain den phróiseas síochána sa tír seo.

Tá an chomhdháil á heagrú ag Comhdháil na Réigiún Eorpach, An Ciste Idirnáisiúnta d'Éirinn agus Coláiste na nGael san Lováin.

Dúirt Leas Uachtarán Chomhdháil na Réigiún Eorpach, Micheál Ó hÉanaigh gur an phríomhaidhm atá leis an chomhdháil ná aitheantas a thabhairt don ról a bhí ag an Aontas Eorpach sa phróiseas síochána.

Seolfaidh Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Comhairleoir Liam Blaney leabhar digiteach ag an chomhdháil, a dhéanann comóradh ar bhunadh Dhún na nGall a fuair bás sa chéad chogadh domhanda.

Beidh toscaireacht ó Amharclann Ghaoth Dobhair páirteach sa chomhdháil ar an tSathairn an 9ú Meitheamh.

Otharlanna

Níl an mhoill chéanna córa leighis á cur ar othair in Aonaid Timpiste agus Éigeandála Otharlanna an iarthuaiscirt agus atá sa chuid eile den tír, a dúirt Príomhfheidhmeannach Ghrúpa Otharlanna Saolta, Tony Canavan.

D’admhaigh sé ag cruinniú Fhóram Sláinte an iarthair an tseachtain seo, go bhfuil cúrsaí ag éirí níos measa san iarthuaisceart maidir leis an tréimhse ama a mbíonn daoine ag fanacht le cóir leighis in Aonad Timpiste agus Éigeandála Otharlanna Leitir Ceanainn agus Shligigh.

Tugadh le fios an tseachtain seo gur ar an mheán 11.7 uair an chloig a bhíonn daoine ag fanacht le cóir leighis a fháil in Aonaid Timpiste agus Éigeandála otharlanna na tíre faoi láthair.

Otharlann Leitir Ceanainn

Beidh cúigear altraí ó thíortha thar lear ag dul i mbun dualgas in Otharlann Leitir Ceanainn an mhí seo chugainn.

Earcaíodh 88 altra ó thar lear sa chéad chúig mhí den bhliain le duli mbun oibre in Otharlann Leitir Ceanainn.

Dúirt an Comhairleoir Gerry Mac Monagail, Cathaoirleach Fhóram Sláinte an Iarthair, go bhfuil folúntas do trí scór altra in Otharlann Leitir Ceanainn faoi láthair, agus go gcaithfear dlús mór a chur leis an fheachtas earcaíochta.

Gradaim

D’éirí le trí thogra i nDún na nGall gradaim a bhaint amach ag Gradaim Baile Dhigiteach 2023 a bhí ar siúl i mBaile Átha Luain inné.

Bhain siúlóid Oidhreachta Fíorúil Dhún Lúiche an chéad áit amach sa Rannóg Turasóireachta Digití.
Is aitheantas é an gradam seo do phobail a bhaineann úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha agus nuálaíochta lena bpobail a chur chun cinn ar mhaithe le muintir na háite agus seirbhísí pobail. 

Bronnadh duais airgid de €6,000 orthu ag ócáid an lae inne.

Bhain Saotharlann Chruthaitheach Dhigiteach Charn Domhnach Gradam sa Rannóg Oideachais Dhigitigh agus bhain baile Ard an Rátha gradam sa rannóg nuathagtha.

Leabhar úr

Seolfaidh iar-Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams leabhar úr faoin iar-Chomhairleoir Contae Eddie Fullerton i mBun Cranncha anocht.

Seolfar an leabhar dár teideal "Councillor Eddie Fullerton, Visionary, Patriot, Martyr" in Ostán Lake of Shadows ag a 7.00 tráthnóna inniu.

Ba é Eddie Fullerton an chéad Chomhairleoir Contae de Shinn Féin a toghadh ar Chomhairle Contae Dhún na nGall sa bhliain 1979.

Dhúnmharaigh an UDA Eddie Fullerton ina theach cónaithe i mBun Cranncha, cothrom an lae seo, ar an 25ú Bealtaine 1991.