CLG Dhún na nGall
Tá sé deimhnithe ag CLG Dhún na nGall ar maidin gur Aidan O'Rourke agus Paddy Bradley a bheidh i gceannas ar fhoireann sinsear peile Dhún na nGall sa chluiche i gcoinne Ros Comáin Dé Domhnaigh seo chugainn.
Dúirt Paddy Carr i ráiteas inné, i ndiaidh comhráití le roinnt de na himreoirí, go raibh sé ag éirí as mar bhainisteoir.
Beidh tuilleadh plé ar an aighneas a bhaineann le hAcadamh Peile CLG an Chontae ag cruinniú speisialta de Choiste an Chontae i gConmhaigh anocht.
Socraíodh oíche Luain go n-eagrófaí an cruinniú speisialta seo le déileáil le tuairiscí áirithe a bhí sna meáin faoin Acadamh, ach tá sé ionann agus cinnte anois go mbeidh plé fosta ar chinneadh Paddy Carr éirí as mar Bhainisteoir ar an fhoireann sinsear peile inné.
Níor bhain Dún na nGall ach aon chluiche amháin as sé chluiche i Sraith Peile Allianz Roinn a hAon go dtí seo, agus achan chosúlacht anois gur i Roinn a Dó a bheidh foireann sinsear peile an chontae in 2024.
Tá go leor achrainn maidir le cúrsaí CLG sa chontae le roinnt seachtainí, ó d’éirigh Karl Lacey as a phost mar cheannasaí ar Acadamh Peile an Chontae.
Beidh an cruinniú in Ionad CLG Dhún na nGall i gConmaigh anocht ag 8.30 anocht.
Plean d'Ionad Pobail
Tá pleananna idir lámha ag Lár Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Chille Ionad Pobail a thógáil ar an bhaile.
Tá suíomh ceannaithe ag an Lár Chomhairle in aice le Scoil an Chaisil agus tá súil ag an Lár Chomhairle na doiciméid ar fad maidir leis na pleananna a chur chuig Údarás na Gaeltachta roimh dheireadh na míosa seo faoin choincheap Togra Sóisialta agus Fiontraíochta.
Má aontaíonn an tÚdarás leis na pleananna, dúirt Donna Ní Ghallchóir, bainisteoir na Lár Comhairle go mbeadh siad in ann bogadh go dtí an chéad chéim eile le dearadh agus cead pleanála
Dúirt sí gur léirigh an pobal suim mhór ina leithéidí nuair a rinneadh suirbhé sa cheantar agus go dtuigeann sí go mbeadh costas mór lena leithéidí ach go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh lár ionad pobail sa cheantar.
Géarchéim tithíocha
Tá géarchéim i réigiún an iarthuaiscirt maidir le heaspa tithe le fáil ar cíos agus an chosúlacht gur níos measa a bheidh cúrsaí, a dúirt an Teachta Dála Marian Harkin.
Dúirt sí sa Dáil an tseachtain seo go ndearna sí scrúdú ar líon na dtithe atá le fáil ar cíos sna contaetha atá faoina cúram féin an tseachtain seo, agus go bhfuil cúrsaí go dona.
Níl ach 57 teach le fáil i gcontae Dhún na nGall ar cíos an tseachtain seo, a dúirt an Teachta Harkin.
Dúirt sí gur cheart go mbeadh an bac díshealbhaithe i bhfeidhm go mí Meithimh 2024.
Idir an dá linn, ba cheart maoiniú a chur ar fáil do Chomhairlí Contae chun athchóiriú a dhéanamh ar sheanfhoirgnimh thréigthe agus fosta chun tithe modúlacha a thógáil, a dúirt an Teachta Harkin.
Dreideáil le tosú
Cuirfear tús leis an dreideáil ag Cé Mhachaire Rabhartaigh ar an 20ú lá d'Aibreán, sin níos moille ná de ghnáth mar go gcuirfear tús le dreideáil ag Cé Bhun Cranncha go luath.
Dúirt Cathal Mac Suibhne, feidhmeannach i Rannóg Mara Chomhairle Contae Dhún na nGall go bhfuil ceadúnas cladaigh 5 bliana faighte anois do Ché Mhachaire Rabhartaigh go dtí an bhliain 2028 agus nach mbeidh gá iarratas a dhéanamh ar cheadúnas gach bliain mar a bhí le blianta fada.
Bíonn deacrachtaí móra ag bádaí a theacht i dtír ag na céanna seo mar gheall ar ghaineamh a bheith ag carnadh ag an céanna.