Iniúchadh sábháilteachta

Tá sé tugtha le fios ag Comhairle Contae Chiarraí go ndéanfar iniúchadh sábháilteachta bóthair sula n-osclófar an raon nua rothaíochta atá á thógáil idir Páirc an Ághasaigh sa Daingean agus an Cúilín, mar chuid den obair feabhsúcháin ar phríomhbhóthar an N86 ar an mbaile.

Bhí imní léirithe ag baill den phobal go mb'fhéidir go ngabhfadh daoine ar rothair trasna an Chúilín, agus go leanfaidís orthu ag rothaíocht ar an gcosán siúil atá laistiar de Shiopa an Coach House.

I ráiteas le Nuacht an Deiscirt, deir an Chomhairle go mbeidh an chomharthaíocht chuí ag fógairt go soiléir go dtiocfaidh deireadh leis an mbealach rothaíochta roimh bhóthar an Chúilín.

Feirm Gaoithe á beartú

Deir urlabhraí ón gcomhlacht FuturEnergy Ireland, a bhfuil sé beartaithe acu feirm ghaoithe a thógáil idir Cúil Aodha agus Béal Átha an Ghaorthaidh, nach bhfuil aon súil acu le cinneadh fén iarratas ar feadh tamall maith eile, cé gurbh inné an dáta a bhí luaite lena gcinneadh leis an mBord Pleanála.

Tá láthair na feirme idir Cúil Aodha agus Béal Átha an Ghaorthaidh agus ag síneadh thar teorainn isteach go Ciarraí.

Ceithre thuirbín déag a bheidh idir 179 agus 185 méadar ar airde a bheidh ar an bhfeirm, má cheadaítear í.

Deir an Bord go bhfuil an cás fós á iniúchadh ag a gcigire, is beidh a thuilleadh fé sin ar an gclár.

Gamhna Diúíl

Deir an TD Aindrias Ó Muimhneacháin gur an-rud é d'fheirmeoirí na Gaeltachta i gCiarraí agus i gCorcaigh an scéim nua do ghamhna diúil atá ag glacadh le hiarratais ón lá inniu.

Gheobhaidh feirmeoirí €150 don gcéad 10 mbó diúil atá acu, in ionad an €90 a bhíodh á fháil acu fén seanscéim, agus €120 do gach bó ina dhiaidh sin.

Deir an Muimhneachánach go gcabhródh seo go mór leis an scata mór feirmeoirí den sórt seo i Múscraí, in Uíbh Ráthach agus i gCorca Dhuibhne, agus in áiteanna eile nach iad, agus ardú suntasach tagtha ar na híocaíochtaí a bheidh le fáil acu.

Airbnb

Caithfear a bheith an-chúramach maidir le rialacha nua Airbnb i gContae Chiarraí, nó beidh thiar orainn, dar leis an gComhairleoir Michael Cahill ó Cheantar Bardasach Neidín.

Formhór na ndaoine a ligeann tithe nó seomraí tríd an gcóras Airbnb, ní thuilleann siad ach timpeall €6,000 sa bhliain, a deir sé, agus is maith ann a leithéid, mura bhfuil fiacha an óstáin ag cuairteoirí chun na tíre.

Tá breis lóistín do thurasóirí ag teastáil i gCiarraí, seachas níos lú lóistín, agus caithfimid a bheith an-cháiréiseach, nó is beag lóistín a bheidh ar fáil nuair a thiocfaidh Bealach Glas Uíbh Ráthaigh ar an saol, dar leis.

Cill Áirne ar an BBC

Beidh Páirc Náisiúnta Chill Airne le feiscint i sraith faisnéise nua David Attenborough dar teideal Wild Isles.

Is ar bhithéagsúlacht na páirce a bheifear ag díriú, agus gan dabht ar an bhfia rua.

Deir David Attenborough fhéin go bhfuil radharcanna áille le feiscint sa pháirc agus go bhfuil an méid fiadhúlra atá le feiscint ann chomh maith le haon ní atá feiscithe aige ar fud an domhain.

Is ar a 7 a chlog a bheidh an clár san ar siúl ar BBC 1 oíche amárach.