Aerfort Chiarraí
Tá deontas de 1.2 milliún euro fógartha ag an Aire Stáit Turasóireachta agus Spóirt, Breandán Ó Grífín TD, le cuir i dtreo costas oibriúcháin Aerfort Chiarraí ar an bhFearann Fuar. Is chun an costas a bhaineann le cúrsaí sábháilteachta agus slándála a sheasamh atá an deontas á thabhairt. Tagann sé seo sna sála ar dheontas milliún Euro a d'fhógair an tAire Ó Grífín níos luaithe i mbliana do costas caipitil an aerfoirt.
Síle Ní Dhubhghaill
Cé ná geobhaidh iarrthóir pháirtí na nDaonlathach Shóisialta i Maigh Chromtha, Síle Ní Dhubhghaill, aon vótaí ó iarrthóirí tearmann ná ó dhéagóirí - s'iad san na nithe is cóngaraí dá croí, agus is ar a son a bheidh sí ag troid a chuir sí in iúl do Nuacht a Deiscirt. Tá Connor McGuinness, atá ceapaithe le seasamh do Shinn Féin i gceantar Dhún Garbhán mar a bhfuil Gaeltacht na nDéise go mór i bhfábhar tithíocht a chur ar fáil ina dháilcheantar féin, chun daoine óga a choimeád aige baile. Sé seo an chéad uair ag an mbeirt a bheith san iomaíocht dá bpáirtí sna toghcháin áitiúla a bheidh ar siúl i mí Bealtaine.
Sparánacht
Tá Sparánacht Scannánaíochta Chiarraí, gur fiú deich mhíle euro é, le bronnadh ar ghearrscannán atá le déanamh i gCorca Dhuibhne an bhliain seo chughainn. D'fhógair Comhairle Contae Chiarraí inniu go bhfuil an Sparánacht le bronnadh ar an scannán Cailín Álainn, scannán de chuid Megan K. Fox agus Hazel Cullen, fé chailín atá ag caitheamh seal ar choláiste samhraidh.
Comhairle Contae Chorcaí
Caithfear féachaint ar cé chomh hoiriúnach is a bheidh sé lárionad riaracháin Chomhairle Contae Chorcaí, sin Halla an Chontae, bheith istigh i limistéar na Cathrach, nuair a bheidh na socruithe teorann nua idir contae agus cathair réitithe. An Clr. Contae John O'Sullivan, Fine Gael, ón Sciobairín, a dúirt an méid sin ag cruinniú na míosa seo den gComhairle Contae. Dúirt sé go mbeadh sé deacair an bunáit a bhogadh as Halla an Chontae, agus gur deacair aon cheann de bhailte móra an chontae a roghnú thar a chéile do cheann-ceathrú nua na comhairle, ach mar sin féin, caithfear plean éigin a chur le chéile ina thaobh.